Psailm 135 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 135. Laudate nomen. 1 Bígí ag molaḋ an Tiarna, agus ag idirṁóraḋ Ainm an Tiarna: seinnigí a ṁolaḋ, a ṡeirḃíseaċa an Tiarna. 2 A ṡeasann i dteaċ an Tiarna: i gcúirteanna tí ár nDé. 3 Molaigí an Tiarna, óir is maiṫ an Tiarna: seinnigí molaḋ dá Ainm, óir is gnaíúil é. 4 Cad ċuige? De ḃrí gur ṫoġ an Tiarna Iácób dó féin: agus Iosrael mar ṡeilḃ ḋílis aige féin. 5 Óir is feasaċ dom gur mór an Tiarna: agus go mbíonn ár nDia os cionn na ndéiṫe uile. 6 Níl ní dar ṫaitin leis an Tiarna naċ ndearna sé ar neaṁ agus ar talaṁ: agus ar ṁuir agus i gcuasa doṁaine an doṁain. 7 Tugann sé amaċ na néalta ó imill an doṁain: agus cuireann sé uaiḋ na caoranna tine in éineaċt leis an ḃfearṫainn, agus tugann sé na gaoṫa as a ṫiṫe taisciṫe. 8 Ḃuail sé céadġin na hÉigipte: idir ḋuine agus ḃeiṫíoċ. 9 Ċuir sé coṁarṫaí agus iontais isteaċ i do ċeartlár, a ṫír na hÉigipte: ar Ṗáraó agus ar a ṡeirḃísiġ go huile. 10 Ḃuail sé an iomad náisiún: agus ṁaraiġ sé na ríṫe móra; 11 Síhon rí na nAmoríteaċ, agus Og, rí Ḃásáin: agus ríoċta Ċanáin go huile; 12 Agus ṫug sé a dtalaṁ mar oiḋreaċt; mar oiḋreaċt dá ṗobal Iosrael. 13 Maireann dʼAinm, a Ṫiarna, de ṡíor: agus is mar an gcéanna do do ċuiṁne, a Ṫiarna, ó ġlúin go ċéile. 14 Óir bainfiḋ an Tiarna amaċ díoltas ar son a ṗobail: agus beiḋ sé maiṫ dá ṡeirḃísiġ. 15 Dála íoṁánna na bpágánaċ, níl iontu aċ airgead is ór: saoṫar láṁ na ndaoine. 16 Bíonn béal orṫu, agus ní laḃraíonn siad: bíonn súile ina gcinn, aċ ní ḟeiceann siad. 17 Bíonn cluasa orṫu, agus ina ḋiaiḋ sin ní ċluineann siad: ní mó a ḃíos aon anáil ina mbéal. 18 Bíonn luċt a ndéanta mar iad: agus is ionann an cás dá gcuireann a muinín iontu. 19 Molaigí an Tiarna, a ṫeaġlaiġ Iosrael: molaigí an Tiarna, a ṫeaġlaiġ Áróin. 20 Molaigí an Tiarna, a ṫeaġlaiġ Léḃí: a ḋream darb eagal an Tiarna, molaigí an Tiarna. 21 Moltar an Tiarna as Síón: a mbíonn cónaí air in Iarúsalem. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland