Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 133 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 133. Ecce, quam bonum.

1 Féaċ, naċ sona agus naċ suairc é: bráiṫre a ḃeiṫ ar aontíos agus ar aon intinn le ċéile!

2 Is mar an íocṡláinte uasal é ar an gceann, a ṡil anuas ċun na féasóige: a ṡil anuas go féasóg Áróin, agus go beanna a ḃrait.

3 Is mar ḋrúċt Hermóin é: a ṫiteaḋ ar Ṡliaḃ Ṡíóin.

4 Óir ba ansin a ġeall an Tiarna a ḃeannaċt: agus an ḃeaṫa go saol na saol.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ