Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 132 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 132. Memento, Domine.

1 A Ṫiarna, cuiṁniġ ar Ḋáiḃí: agus ar a ḃfuair sé de ḃuaireaṁ;

2 Mar ṫug sé a ṁionn don Tiarna: agus a ṁóid do Ḋia Uileċuṁaċtaċ Iácóib;

3 Ní ṫiocfaiḋ mé faoi ḋíon mo ṫí: ná ní raċaiḋ mé suas i mo leaba;

4 Ní ligfiḋ mé don suan teaċt ar mo ṡúile, ná don ċodlaḋ teaċt ar mʼḟaḃraí: ná do ċamóga mo ċinn a suaiṁneas a ḟáil;

5 Go ḃfaiġe mé ionad don Tiarna: cónaí le haġaiḋ Dé cuṁaċtaiġ Iacóib.

6 Féaċ, ċualamar tráċt air in Efráta: agus fuaireamar é sa ċoill.

7 Raċaimid isteaċ ina ṫabarnacal: agus feacfaimid glún go híseal roiṁ stól a ċos.

8 Éiriġ, a Ṫiarna, ag triall ar do ṡuí suaiṁnis: tusa, agus airc do ċuṁaċta.

9 Bíoḋ an ḟíréantaċt ar do ṡagairt mar éadaċ: agus do naoiṁ ag canaḋ ceoil le méid a lúċáire.

10 As uċt Ḋáibí, do ṡeirḃíseaċ: ná diúltaiġ do ġnúis do dʼungṫaiġ.

11 Ṫug an Tiarna mionn dílis do Ḋáiḃí: agus cuirfiḋ sé gan teip lena ḟocal;

12 Is é toraḋ do ċolainne: a ċuirfiḋ mé ina ṡuí ar do ċaṫaoir ríoga.

13 Má ċoinníonn do ċlann mo ċonraḋ, agus mʼḟianaisí a ṁúinfeas mé dóiḃ: beiḋ a gclann siúd fós ina suí ar do ríċaṫaoir go deo.

14 Óir ṫoġ an Tiarna Síón mar áitreaḃ dó féin: is í a ṡantaiġ sé.

15 Beiḋ seo agam mar ṡuí suaiṁnis: anseo a raċas mé a ċónaí, óir is ann a ḃíos mo ḋúil.

16 Beannóiḋ mé agus méadóiḋ mé a bia di: agus taḃarfaiḋ mé a sá dá boċta.

17 Cuirfiḋ mé an tsláinte mar ṁaise ar a sagairt: agus beiḋ a naoiṁ ag déanaṁ gairdis agus ag canaḋ ceoil.

18 Taḃarfaiḋ mé bláṫ ar ḃeann Ḋáiḃí san áit sin: tá lóċrann ullṁaiṫe agam le haġaiḋ mʼungṫaiġ.

19 Dála a naiṁde, ní ḃeiḋ orṫu uaim aċ an náire: aċ caiṫfiḋ sé féin a ċoróin faoi ḃláṫ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ