Psailm 131 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 131. Domine, non est. 1 A Ṫiarna, nílim ard‑intinneaċ: níl dreaċ an díomais orm. 2 Nílim mórċúiseaċ: ná ní ṫéim i gcionn gnóṫaí a ṡáraíos orm. 3 Aċ bím ag cur coisc le mʼanam, agus á ísliú, mar leanḃ atá scaite óna ṁáṫair: is é dála an linḃ scaite a ḃíos ar mʼanam. 4 A Iosrael, cuir do ṁuinín sa Tiarna: feasta agus go bráċ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland