Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 130 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 130. De profundis.

1 As íoċtar an aigéin ġlaoiġ mé ort, a Ṫiarna. A Ṫiarna, éist le mo ġlór.

2 Éisteaḋ do ċluasa go maiṫ: le glór mo ċasaoide.

3 Más róḋian tú, a Ṫiarna, ag breaṫnú a ndearnaḋ go míċeart: a Ṫiarna, cé a ṡeasóḋ é?

4 Óir is agat atá an trócaire: is dá ḃrí sin bíonn dʼeagla ar ḋaoine.

5 Bíonn mo ṡúil leis an Tiarna; bíonn mʼanam ag feiṫeaṁ air: is as a ḃriaṫar a ḃíos mo ṁuinín.

6 Is mó a ḃíos mʼanam ag súil leis an Tiarna: ná bíonn na coimeádaiṫe ag súil leis an maidin; is ea, is mó é ná súil coimeádaí le maidin.

7 A Iosrael, cuir do ṁuinín sa Tiarna, óir is ag an Tiarna a ḃíos an trócaire: agus is aige a ḃíos an ḟuascailt ḟairsing.

8 Agus is é a ḟuasclaíos Iosrael: óna ṗeacaí go léir.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ