Psailm 129 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 129. Saepe expugnaverunt. 1 Is minic a ṫroideadar liom óm óige aníos: féadann Iosrael a rá anois. 2 Is min minic a ċuireadar buaireaṁ orm óm óige aníos: aċ ní ḟuaireadar an láṁ uaċtair orm. 3 Ḃí luċt treafa ag treaḃaḋ mo ḋroma: agus ag gearraḋ iomairí fada. 4 Aċ ġearr an Tiarna fíréanta: dola nandroċḋaoine i mbloġanna. 5 Go ḃfaiġe siad náire agus go gcuirtear ar gcúl iad: a ḃfuil an t‑olc ina gcroí do Ṡíón. 6 Go raiḃ siad mar an ḃféar ar ṁullaí na dtiṫe: a ċríonas sula ḃfása sé aníos. 7 Naċ líonann an buanaí a láṁ leis: ná fear ceangailte na bpunanna a ḃrollaċ. 8 Go naċ n‑abra luċt buailte an ḃealaiġ oiread agus, Bail ó Ḋia ort: guímid an séan ort in Ainm an Tiarna. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland