Psailm 128 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 128. Beati omnes. 1 Is beannaiṫe a mbíonn eagla an Tiarna orṫu: agus a ṡiúlas ina ṡlite. 2 Íosaiḋ tú toraḋ saoṫair do láṁ: is maiṫ mar atá tú, agus is agat a ḃeiḋ an saol aoiḃinn. 3 Beiḋ do ċéile mná mar an ċraoḃ ṫorṫaċ fíniúna: atá ar ḃallaí do ṫí. 4 Beiḋ do ċlann mar ġasa ċrainn ola: i dtimpeall do ḃoird. 5 Sin daoiḃ an ḃeannaċt a ḃíos ar an duine: a mbíonn eagla an Tiarna air. 6 Beiḋ an Tiarna do do ḃeannú amaċ as Síón: ar nós go ḃfeicfiḋ tú an séan ar Iarúsalem i riṫ do ṡaoil; 7 Agus go ḃfeicfiḋ tú clann do ċlainne gan aṁras: agus an tsíoċáin ar Iosrael. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland