Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 122 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 122. Laetatus sum.

1 Ḃí lúċáir orm nuair a dúraḋ liom: Raċaimid go teaċ an Tiarna.

2 Is i do ġeataí a ḃeiḋ ár gcosa ina seasaṁ: a Iarúsalem.

3 Is ar Iarúsalem atá déanaṁ na caṫraċ: ina mbítear ag cur le ċéile.

4 Óir is ċuici a ṫéann na treiḃeanna, mar tá, treiḃeanna an Tiarna: go dtuga siad fianaise dʼIosrael, go dtuga siad buíoċas dʼAinm an Tiarna.

5 Óir is inti a ḃíos caṫaoir an ḃreiṫiúnais: is é sin, ríċaṫaoir ṫeaġlaiġ Ḋáiḃí.

6 Déan guí ar son síoċána Iarúsalem: beiḋ an séan ar an dream a ṫug grá duit.

7 Go raiḃ an tsíoċáin faoi do ṁúrṫa: agus an ḟlúirse faoi do ḋúinte.

8 Ar son mo ḃráiṫre agus mo ċompánaċ: beiḋ mé ag guí an tséin duit.

9 As uċt tí an Tiarna ár nDia: beiḋ mé ag iarraiḋ do leasa.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ