Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 121 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 121. Levavi oculos.

1 Ardóiḋ mé mo ṡúile ċun na gcnoc: cé as a dtagann mo ċaḃair?

2 Is ón Tiarna féin a ṫagann mo ċaḃair: ón té a rinne neaṁ is talaṁ.

3 Ní ligfiḋ mé do do ċois corraí: ní ċodlóiḋ an té a ḃíos do do ċuṁdaċ.

4 Féaċ, an té a ḃíos ag cuṁdaċ Iosrael: ní ḋéanfaiḋ sé codlaḋ ná suan.

5 Is é an Tiarna féin é fear do ċoimirce: is é an Tiarna cosaint do láiṁe deise;

6 Ionas naċ mbeiḋ an ġrian do do loscaḋ sa lá: ná an ġealaċ san oíċe.

7 Beiḋ an Tiarna do dó ṡaoraḋ ó gaċ olc: is deiṁin go mbeiḋ sé féin ag cosaint dʼanama.

8 Beiḋ an Tiarna do do ṡlánú ag imeaċt nó ag teaċt duit: feasta agus go bráċ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ