Psailm 12 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 12. Salvum me fac. 1 Cuidiġ liom, a Ṫiarna, ó naċ ḃfuil fíréan fágṫa: ó ċuaiġ na fir ḟíora i laġad i measc Ṡíl Áḋaiṁ. 2 Laḃraíonn gaċ duine díoṁaointeas lena ċoṁarsa: ní ḃíonn a mbéal aċ ag cur cluana, agus a gcroí cealgaċ ag cur i gcéill. 3 Scriosfaiḋ an Tiarna gaċ béal bréagaċ: agus an teanga a ḃíos ag maíoṁ an díomais; 4 Agus an dream a dúirt, Ġeoḃaiḋ ár dteanga an bua dúinn: tá cead cainte againn, cé atá ina Ṫiarna orainn? 5 Aċ anois ó naċ ḃfaiġeann an dearóil faoiseaṁ ó ḃuaireaṁ: agus ó bíonn na boċtáin ag osnaíl ó ċroí. 6 Éireoiḋ mé, a deir an Tiarna: agus fuasclóiḋ mé gaċ duine acu ón té éiríos ina aġaiḋ, agus taḃarfaiḋ mé suaiṁneas dó. 7 Is briaṫra glana iad briaṫra an Tiarna: mar an airgead a ġlantar den ċré, agus a aṫloisctear faoi ṡeaċt sa tine. 8 Coimeádann tú iad, a Ṫiarna: cuṁdóiḋ tú é ón aicme sin go bráċ. 9 Níl áit naċ ḃfuil faoi ċosa luċt an oilc: nuair a éiríos siad in airde, cuirtear masla ar ċlann na ndaoine. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland