Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 119 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 119. Beati immaculati.

1 Is beannaiṫe naċ mbíonn smál orṫu sa tslí: aċ ag siúl de réir dlí an Tiarna.

2 Is beannaiṫe a ċoinníos a ḟianaisí: agus a ḃíos á iarraiḋ le hiomlán a gcroí.

3 Óir is iad an dream naċ ndéanann aon urċóid: a ṡiúlas ina ṡlite.

4 Ṫug tú dúinn raḃaḋ: go gcoinnímis dʼaiṫeanta go haireaċ.

5 A Ḋia, gan mo ṡlite á réiteaċ roṁam: ionas go gcoinneoinn do reaċta!

6 Ní ḃeiḋ díomua orm dá ḃrí sin: ċoṁ fada agus bíonn beann agam ar dʼaiṫeanta uile.

7 Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat ó ċroí gan ċealg: nuair a ḃíos breiṫiúnais dʼḟíréantaċta foġlamṫa agam.

8 Tá rún agam do reaċt a ċoinneáil: ná déan mo ṫréigean ar fad.


In quo corriget?

9 Conas a ġlanfaiḋ an t‑ógḟear a ṡlí: lena ċur féin faoi smaċt do ḃriaṫair.

10 Is le hiomlán mo ċroí a ḃínn dod iarraiḋ: ná lig dom dul ar seaċrán ód aiṫeanta.

11 Ċuir mé do ḃriaṫra i dtaisce i mo ċroí: ionas naċ bpeacóinn id aġaiḋ.

12 Is beannaiṫe tú, a Ṫiarna: taḃair eolas do reaċta dom.

13 Is le mo ḃéal a ḃínn ag insint: faoi ḃreiṫiúnais uile do ḃéil.

14 Níorḃ aoiḃne liom aon ċineál maoine: ná slí dʼḟianaisí.

15 Laḃróiḋ mé ar dʼaiṫeanta: agus beiḋ aire agam ar do ṡlite.

16 Is i do reaċta a ċuirfeas mé mo ḋúil: agus ní ḋéanfaiḋ mé dearmad de do ḃriaṫra


Retribue servo tuo.

17 Déan maiṫ do do ṡeirḃíseaċ: go maire mé agus go gcoinní mé do ḃriaṫar.

18 Oscail mo ṡúile: go ḃfeice mé iontais do ḋlí.

19 Táim i mo ḋeoraí ar an talaṁ: ná ceil dʼaiṫeanta orm.

20 Bím ag cur mʼanama amaċ leis an dúil ḋian: a ḃíos aici de ṡíor i do ḃreiṫiúnais.

21 Ṫug tú aċasán do luċt an díomais: is mallaiṫe a dtéann amú ó dʼaiṫeanta.

22 Iompaiġ díom an náire agus an t‑aċasán: óir is mé a ċoinniġ dʼḟianaisí.

23 Ḃíoḋ flaṫa fós ina suí ag laḃairt i mʼéadan: aċ ní ḃíonn de ċúram ag do ṡeirḃíseaċ aċ do reaċta.

24 Óir is iad dʼḟianaisí mʼaoiḃneas: agus is iad ḃíos agam mar ċoṁairleoirí.


Aḋaesit pavimento.

25 Bíonn mʼanam greamaiṫe den deannaċ: ó! beoiġ mé de réir do ḃriaṫair.

26 Dʼadṁaiġ mé do ṡlite, agus dʼéist tú liom: níl uaim aċ go múinfeá do reaċta dom.

27 Taḃair tuiscint dom faoi ṡlí dʼaiṫeanta: is aṁlaiḋ a laḃróiḋ mé ar dʼoibreaċa iontaċa.

28 Bíonn mʼanam á leá le méid a tuirse: taḃair sólás de réir do ḃriaṫair.

29 Tóg uaim slí na bréige: agus taḃair orm mórṁeas a ḃeiṫ agam ar do ḋlí.

30 Ṫoġ mé slí na fírinne: agus ċuir mé do breiṫiúnais os mo ċoinne.

31 Lean mé ded ḟianaisí: a Ṫiarna, ná náiriġ mé.

32 Riṫfiḋ mé ar ṡlí dʼaiṫeanta: nuair a scaoileas tú mo ċroí as daoirse.


Legem pone.

33 Múin dom, a Ṫiarna, slí do reaċt: agus leanfaiḋ mé di go deireaḋ.

34 Taḃair tuiscint dom, agus coinneoiḋ mé do ḋlí: is deiṁin go gcoinneoiḋ mé le hiomlán mo ċroí é.

35 Taḃair orm siúl ar ċosán dʼaiṫeanta: óir is iontu a ḃíos mo ḋúil.

36 Claon mo ċroí ċun dʼḟianaise: agus ní ċun na sainte.

37 Go n‑iompaí tú mo ṡúile, ar eagla go ḃféaċa siad ar an ndíoṁaointeas: agus bí do mo ḃeoú i do ṡlí.

38 Go neartaí tú le do ḃriaṫar i do ṡeirḃíseaċ: go mbí eagla orm roṁat.

39 Tóg uaim an t‑aċasán is eagal dom: óir is maiṫ iad do ḃreiṫiúnais.

40 Féaċ, is id aiṫeanta a ḃíos mo ḋúil: beoiġ mé id ḟíréantaċt.


Et veniat super me.

41 Tagaḋ do ṫrócaire ġráṁar fós ċugamsa, a Ṫiarna: mar tá, do ṡlánú, de réir do ḃriaṫair.

42 Is mar sin a ḟreagróiḋ mé luċt mo ċáinte: óir is as do ḃriaṫar ḃíos mo ṁuinín.

43 Ná bain briaṫar dʼḟírinne ar fad as mo ḃéal: óir bíonn mo ḋóċas as do ḃreiṫiúnais.

44 Mar sin a ċoinneoiḋ mé do ḋlí i gcónaí: is deiṁin go gcoinneoiḋ mé go saol na saol.

45 Agus beiḋ fad is fairsinge ag mo ṡiúl: óir bím ag iarraiḋ dʼaiṫeanta.

46 Laḃróiḋ mé fós ar dʼḟianaisí i láṫair ríṫe: agus náire ní ḃeiḋ orm.

47 Agus is i dʼaiṫeanta a ḃeas mo ḋúil: ós dóiḃ a ṫug mé grá.

48 Tógfaiḋ mé fós mo láṁa i dtreo dʼaiṫeanta, dá dtug mé grá: agus is ar do reaċta a ḋéanfaiḋ mé staidéar.


Memor esto verbi tui.

49 Cuiṁniġ ar do ṡeirḃíseaċ i dtaoḃ do ḃriaṫair: a dtug tú orm mo ḋóċas a ċur ann.

50 Bíonn an briaṫar céanna mar ṡólás dom i mo ḃuaireaṁ: óir is é a ḃeoiġ mé.

51 Bíonn drong an díomais ag magaḋ go mór fúm: aċ ina ḋiaiḋ sin níor ṡéan mé do ḋlí.

52 Óir ba ċuiṁneaċ liom do ḃreiṫiúnais ṡíoraí, a Ṫiarna: rud ab áḃar sóláis dom.

53 Bíonn baillċriṫ orm: ag smaoineaṁ ar luċt an oilc a ṫréigeas do ḋlí.

54 Ba iad do reaċta a ḃíoḋ agam: mar aṁráin i dteaċ mʼoiliṫreaċta.

55 Smaoinínn ar dʼAinm, a Ṫiarna, agus an oíċe ann: agus ċoinnínn do ḋlí.

56 Ḃí an ṁéid sin agam: de ḃrí gur ċoinniġ mé dʼaiṫeanta.


Portio mea, Domine.

57 Is tú a ḃfuil agam, a Ṫiarna: ġeall mé go gcoinneoinn do ḋlí.

58 Ċuir mé mʼaċainí uṁal i do láṫair le hiomlán mo ċroí: bí trócaireaċ dom de réir do ḃriaṫair.

59 Ċuiṁniġ mé ar mo ṡlite féin: agus ṡeol mo ċosa i dtreo dʼḟianaisí.

60 Rinne mé deifir, agus níor ċuir mé ar ċairde é: led aiṫeanta a ċoinneáil.

61 Táim timpeallaiṫe ag dola luċt an oilc: aċ ní hí mo ḋearmad do ḋlí.

62 Éireoiḋ mé i lár na hoíċe le buíoċas a ṫaḃairt duit: as uċt do ḃreiṫiúnas fíréanta.

63 Bím i mo ċomrádaí ag an dream darb eagal tú: a ċoinníos dʼaiṫeanta.

64 Is lán, a Ṫiarna, an doṁan de do ṫrócaire: Ó bí ag múineaḋ do reaċt dom.


Bonitatem fecisti.

65 A Ṫiarna, rinne tú cineál ar do ṡeirḃíseaċ: de réir do ḃriaṫair.

66 Múin dom an ḟíorṫuiscint agus an t‑eolas: ó ċreid mé dʼaiṫeanta.

67 Sular buairíoḋ mé ṡiúlainn go míċeart: aċ tá do ḃriaṫar coinniṫe agam anois.

68 Is maiṫ agus is lán de ġrása tú: níl uaim aċ go múinfeá do reaċta dom.

69 Tá bréaga cumṫa orm ag drong an díomais: aċ coinneoiḋ mise dʼaiṫeanta le hiomlán mo ċroí.

70 Ní raiṁre an ḃlonag ná a gcroí siúd: aċ is i do ḋlí a ḃíoḋ mo ḋúil.

71 Is fearrde mé go raiḃ mé i mbuaireaṁ: go ḃfoġlaime mé do reaċta.

72 Is ansa liom dlí do ḃéil: ná na mílte dʼór agus dʼairgead.


Manus tuae fecerunt me.

73 Is iad do láṁa a rinne agus a ḋealḃaiġ mé: taḃair tuiscint dom, go ḃfoġlaime mé dʼaiṫeanta.

74 Cuirfiḋ mʼḟeiceáil lúċáir ar an dream darḃ eagal tú: de ḃrí gur ċuir mé mo ṁuinín i do ḃriaṫar.

75 Is feasaċ dom, a Ṫiarna, gur ceart iad do ḃreiṫiúnais: agus nár lig tú buaireaṁ orm aċ de ḃarr do ḋílseaċta.

76 Bíoḋ do ċarṫanaċt trócaireaċ mar ṡólás agam: de réir do ḃriaṫair le do ġiolla.

77 Tagaḋ do ṫrócairí gráṁara ċugamsa, go maire mé: óir is é do ḋlí mʼaoiḃneas.

78 Faiġeaḋ luċt an díomais náire, ós fealltaċ atáid ag iarraiḋ mo scriosta: aċ is iad dʼaiṫeanta a ḃeiḋ á gcleaċtaḋ agam.

79 An dream darb eagal tú, a fuair eolas dʼḟianaisí: go mba iad a dʼiompóḋ ċugam.

80 Bíoḋ mo ċroí slán i do reaċta: ionas naċ ḃfaiġead náire.


Defecit anima mea.

81 Ḃíoḋ cuṁa ar mʼanam i ndiaiḋ do ṡlánaiṫe: agus bíonn dea‑ḋóċas agam de ḃarr do ḃriaṫair.

82 Bíonn mo ṡúile tinn le cuṁa i ndiaiḋ do ḃriaṫair: á rá, Ca huair a ṫaḃarfaiḋ tú sólás dom?

83 Cé go mbímse mar ḃuidéal sa toit: ní ḋéanaim dearmad de do reaċta.

84 Cá ṁéid laeṫanta a ġeoḃas do ṡeirḃíseaċ: ca huair a ḃainfiḋ tú díoltas as luċt mo ġéarleanúna?

85 Ṫoċail drong an díomais poill roṁam: naċ ḃfuil de réir do ḋlí.

86 Is fíor iad dʼaiṫeanta go huile: is fealltaċ a ċuireas siad géarleanúint orm; bí tusa agam mar ċaḃair.

87 Is beag nár ċuireadar deireaḋ liom ar talaṁ: aċ níor ṫréig mé dʼaiṫeanta.

88 Beoiġ mé de réir do ċarṫanaċta gráṁaire: agus is aṁlaiḋ ċoinneos mé fianaisí do ḃéil.


In aeternum, Domine.

89 A Ṫiarna, bíonn do ḃriaṫar: ag marṫain go síoraí ar neaṁ.

90 Fanann dʼḟírinne fós ó ġlúin go ċéile: is tú a ċuir bun an talaiṁ, agus is buan é.

91 Leanadar go dtí an lá inniu do dʼordú: óir níl ní naċ mbíonn ag géilleaḋ duit:

92 Murb é mo ḋúil a ḃeiṫ i do ḋlí: ṫaḃarfaḋ mo ḃuaireaṁ mo ḃás.

93 Ní ḋéanfaiḋ mé dearmad de dʼaiṫeanta go deo: óir is leo a ḃeoiġ tú mé.

94 Is leatsa mé, slánaiġ mé: óir is mé a dʼiarr dʼaiṫeanta.

95 Ċuir luċt an oilc luíoċán roṁam le mo scrios: aċ is ar dʼḟianaisí a ṫaḃarfaiḋ mé mʼaire.

96 Feicim go dtagann gaċ ní ċun críċe: aċ gur fada fairsing í dʼaiṫne.


Quomodo dilexi!

97 A Ṫiarna, is í do ḋlí mʼansaċt: déanaim staidéar uirṫi dá mbʼḟada an lá.

98 Rinne tú led aiṫeanta níos eagnaí ná mo naiṁde mé: óir níl am naċ mbíonn siad agam.

99 Is fearr tuiscint mé ná mo luċt teagaisc: óir is iad dʼḟianaisí mo staidéar.

100 Is eagnaí mé ná na fir aosta: de ḃrí go gcoinním dʼaiṫeanta.

101 Ṫug mé ar mo ċosa fanaċt amaċ ó gaċ droċṡlí: go gcoinní mé do ḃriaṫar.

102 Níor ċlaon mé siar ó do ḃreiṫiúnais: ós tú oide mo ṁúinte.

103 Ní milis le mo ḃráid go dtí do ḃriaṫair: is milse iad le mo ḃéal ná mil.

104 Is led aiṫeanta a ḟaiġim tuiscint: bíonn fuaṫ agam mar sin ar gaċ droċṡlí.


Lucerna pedibus meis.

105 Is é do ḃriaṫar lóċrann mo ċos: agus solas mo ċosán.

106 Ġlac mé mo ṁionn agus mo rún daingean: go gcoinneoiḋ mé do ḃreiṫiúnais ḟíréanta.

107 Níl áireaṁ ar méid mo ḃuarṫa: beoiġ mé, a Ṫiarna, de réir do ḃriaṫair.

108 Bíoḋ toirḃirtí toilteanaċa mo ḃéil do do ṡásaṁ, a Ṫiarna: agus múin do ḃreiṫiúnais dom.

109 Bíonn mʼanam i mo láiṁ i gcónaí: dá ainneoin sin ní ḋéanaim dearmad ar do ḋlí.

110 Ċuir luċt na nduáilcí gaiste i mo ḃealaċ: dá ainneoin sin níor ċlaon mé ó dʼaiṫeanta.

111 Dʼéiliġ mé dʼḟianaisí dom féin mar oiḋreaċt ṡíoraí: agus cad ċuige? ós iad aoiḃneas féin mo ċroí iad.

112 Tá mo ċroí tugṫa suas do ċoṁlíonaḋ do reaċt go deo: agus go deireaḋ aimsire.


Iniquos odio habui.

113 Is fuaṫ liom luċt cumṫa na hurċóide: aċ is í do ḋlí mo ġrá.

114 Is tú mo sciaṫ agus mo ċrann cosanta: agus is as do ḃriaṫar atá mo ṁuinín.

115 Imigí uaim, a luċt na nduáilcí: coinneoiḋ mise aiṫeanta mo Ḋé.

116 Cuir taca liom de réir do ḃriaṫair, go maire mé: agus ná lig dom dúil a ḃaint de mo ḋóċas.

117 Tóg mé, agus ní baol dom: agus is iad do reaċta a ḃeas mar aoiḃneas agam.

118 Ċuir tú ar imiġ ó do reaċta faoi do ċosa: óir níl á ḃeartú acu aċ bréag.

119 Caiṫeann tú luċt oilc an talaiṁ uait mar ḋíoġa: dá ḃrí sin bíonn grá agam do dʼḟianaisí.

120 Bíonn criṫ ar mo ċolainn le heagla roṁat: agus bíonn uaṁan orm roiṁ do ḃreiṫiúnais.


Feci judicium.

121 Ní ċleaċtaím aċ a mbíonn ceart agus dlisteanaċ: ná taḃair mé i láṁa luċt mo ġéarleanúna.

122 Taḃair ar do ṡeirḃíseaċ a ḋúil a ċur i ngaċ ní dá ḟeaḃas: ionas naċ ndéana luċt an díomais doċar dom.

123 Meaṫann mo ṡúile le cuṁa de ṁian do ṡláinte: agus de ṁian briaṫair dʼḟíréantaċta.

124 Bí le do ṡeirḃíseaċ de réir do ṫrócaire gráṁaire: agus múin do reaċta dom.

125 Is mé do ṡeirḃíseaċ, bronn tuiscint orm: go gcuire mé eolas ar dʼḟianaisí.

126 Tá sé in am agat, a Ṫiarna, láṁ a ċur ann: óir tá do ḋlí scriosta acu.

127 Óir is ansa liom dʼaiṫeanta: ná ór agus cloċa uaisle.

128 Dá ḃrí sin leanaim go dlúṫ do dʼaiṫeanta uile: agus bíonn an dúġráin agam ar gaċ slí ḃréagaċ.


Mirabilia.

129 Is áḃar iontais iad dʼḟianaisí: dá ḃrí sin bíonn mʼanam á gcoinneáil.

130 Nuair a imíonn do ḃriaṫar amaċ: tugann sé solas agus tuiscint do ḋaoine simplí.

131 Dʼoscail mé mo ḃéal gur ṫarraing mʼanáil isteaċ: óir bíonn mo ḋúil i dʼaiṫeanta.

132 Féaċ orm, agus bí trócaireaċ dom: mar is gnáċ leat le luċt gráite dʼAinm.

133 Ordaiġ mo ċéimeanna i do ḃriaṫar: agus mar sin ní ḃfaiġiḋ aon olc mo ḃua.

134 Fuascail mé ó ċlaonḃearta daoine: agus is aṁlaiḋ a ċoinneoiḋ mé dʼaiṫeanta.

135 Noċt solas do ġnúise ar do ṡeirḃíseaċ: agus múin do reaċta dom.

136 Sciordann an t‑uisce as mo ṡúile: de ḃarr naċ gcoinníonn daoine do ḋlí.


Justus es, Domine.

137 Is fíréanta tú, a Ṫiarna: agus is fírinneaċ iad do ḃreiṫiúnais.

138 Ní fíréantaċt ná fírinne: go dtí na fianaisí a dʼordaiġ tú.

139 Táim ite le mo ḋúṫraċt: ó rinne mo naiṁde dearmad de do ḃriaṫra.

140 Cuirtear féaċáil fíor‑iomlán ar do ḃriaṫar: agus bíonn grá ag do ṡeirḃíseaċ dó.

141 Is beag mé féin, agus is beag an clú a fuair mé: aċ ní ḋéanaim dearmad de dʼaiṫeanta.

142 Is fíréantaċt ṡíoraí í dʼfíréantaċt: agus is í an ḟírinne féin í do ḋlí.

143 Rug an buaireaṁ agus an brón greim orm: aċ is iad dʼaiṫeanta mʼaoiḃneas.

144 Is síoraí í fíréantaċt dʼḟianaisí: bronn tuiscint orm, agus mairfiḋ mé.


Clamavi in toto corde meo.

145 Glaoim le hiomlán mo ċroí: éist liom, a Ṫiarna, ós mian liom do reaċta a ċoinneáil.

146 Is ċugat go deiṁin a ġlaoim: cuidiġ liom, agus coinneoiḋ mé do reaċta.

147 Glaoim ċugat ar moċ maidine: óir is as do ḃriaṫar a ḃíos mo ṁuinín.

148 Ní ḃíonn mo ṡúile ar deireaḋ i ḃfairí na hoíċe: aċ ag dul i gcionn do ḃriaṫar.

149 Éist le mo ġlór, a Ṫiarna, de réir do ċarṫanaċta gráṁaire: beoiġ mé mar is gnáċ leat.

150 Druideann an dream liom a ḃíos do mo ġéarleanúint de ḃarr a n‑oilc dom: dream a ḃíos i ḃfad ó do ḋlí.

151 Bí tusa i ḃfogas dom, a Ṫiarna: óir is fíor iad dʼaiṫeanta go huile.

152 I dtaoḃ dʼḟianaisí, is feasaċ dom le fada riaṁ: gur ḃunaiġ tú iad go deo.


Vide humilitatem.

153 Féaċ ar mo ḃuaireaṁ, agus fuascail mé: óir ní ḋéanaim dearmad de do ḋlí.

154 Taḃair díoltas mo ċúise dom, agus fuascail mé: beoiġ mé de réir do ḃriaṫair.

155 Is fada an slánú ó luċt an oilc: óir ní ṫugann siad beann ar do reaċta.

156 Is mór í do ṫrócaire, a Ṫiarna: beoiġ mé, mar is gnáċ leat.

157 Is iomaí duine ag cur buarṫa agus géarleanúna orm: aċ ní ċlaonaim ó dʼḟianaisí.

158 Bíonn brón orm nuair a ḟeicim luċt na nduáilcí: ó naċ gcoinníonn siad do ḋlí.

159 Féaċ, a Ṫiarna, mo ġrá do dʼaiṫeanta: beoiġ mé, de réir do ċarṫanaċta gráṁaire.

160 Ón síoraíoċt is fíor é do ḃriaṫar: maireann breiṫiúnais dʼḟíréantaċta go saol na saol.


Principes persecuti sunt.

161 Ḃíoḋ na flaṫa do mo ġéarleanúint gan áḃar: aċ ní ċuireann do ḃriaṫar uaṁan orm.

162 Ní lú mo lúċáir faoi do ḃriaṫar: ná lúċáir an té a ḟaiġeann mórċreaċ.

163 Bíonn fuaṫ agus gráin agam do na bréaga: aċ is í do ḋlí mo ġrá.

164 Seaċt dtráṫa den lá bím do do ṁolaḋ: de ḃarr do ḃreiṫiúnais ḟíréanta.

165 Is mór síoċáin luċt gráite do ḋlí: agus ní ḃíonn ní a ḃeaḋ ina áḃar titime acu.

166 Ḃíoḋ súil agam, a Ṫiarna, le do ṡlánú beannaiṫe: agus ḋéanainn gníoṁ de réir dʼaiṫeanta.

167 Ċoinníoḋ mʼanam dʼḟianaisí: agus ḃíoḋ grá mór aici dóiḃ.

168 Tá dʼaiṫeanta agus dʼḟianaisí coinniṫe agam: óir bíonn mo ṡlite go huile i do láṫair.


Appropinquet deprecatio.

169 Tagaḋ mo ċasaoid i do láṫair, a Ṫiarna: taḃair tuiscint dom, de réir do ḃriaṫair.

170 Tagaḋ mʼaċainí i do láṫair: fuascail mé de réir do ḃriaṫair.

171 Seinnfiḋ mo ḃéal do ṁolaḋ: nuair a ḃeas do reaċt múinte agat dom.

172 Canfaiḋ mo ṫeanga faoi do ḃriaṫar: óir is fíréanta iad dʼaiṫeanta go léir.

173 Bíoḋ do láṁ ag cuidiú liom: óir ġlac mé dʼaiṫeanta de roġain.

174 Ṡantaínn do ṡlánú beannaiṫe, a Ṫiarna: agus is í do ḋlí mʼaoiḃneas.

175 Maireaḋ mʼanam, agus molfaiḋ sí tú: agus cuideoiḋ do ḃreiṫiúnais liom.

176 Ċuaiġ mé ar an seaċrán mar ċaoraiġ ḟáin: iarr do ṡeirḃíseaċ, óir ní ḋéanaim dearmad ded aiṫeanta.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ