Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 118 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 118. Confitemini Domino.

1 Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, ós maiṫ é: agus ó ṁaireann a ṫrócaire go síoraí.

2 Adṁaíoḋ Iosrael anois, gur maiṫ é: agus go maireann a ṫrócaire go síoraí.

3 Adṁaíoḋ teaġlaċ Áróin anois: go maireann a ṫrócaire go síoraí.

4 Adṁaíoḋ go deiṁin an dream darb eagal an Tiarna: go maireann a ṫrócaire go síoraí.

5 Ġlaoiġ mé ar an Tiarna i mo ḃuaireaṁ: agus is fial a dʼéist an Tiarna liom.

6 Tá an Tiarna ar mo ṫaoḃ: ní heagal dom a ndéanfaiḋ an duine orm.

7 Tá an Tiarna ag tógáil mo ṗáirte le luċt mo ċuidiṫe: feicfiḋ mé mo ṁian ar mo naiṁde dá ḃrí sin.

8 Is fearr dóċas a ċur sa Tiarna: ná dóċas ar biṫ a ċur i nduine.

9 Is fearr dóċas a ċur sa Tiarna: ná dóċas ar biṫ a ċur i ḃflaṫa.

10 Ṫimpeallaiġ na náisiúin uile mé: aċ in Ainm an Tiarna scriosfaiḋ mé iad.

11 Ḃí siad ag teannaḋ orm ó gaċ taoḃ, gan taoḃ naċ raḃadar ag teannaḋ orm: aċ in Ainm an Tiarna scriosfaiḋ mé iad.

12 Ṫángadar i mo ṫimpeall mar ḃeaċa, agus táid múċta mar ṫine i measc dreasóg: óir in Ainm an Tiarna scriosfaiḋ mé iad.

13 Ba ṫrom an sá a ṫug tú dom ċun mo leagṫa: aċ fuair mé cúnaṁ ón Tiarna.

14 Is é an Tiarna mo ċuṁaċt agus mo ċeol: agus is é ba ṡlánú dom.

15 Bíonn fuaim an tsuaircis agus na sláinte as árais cónaiṫe na ḃfíréan: is í láṁ ḋeas an Tiarna a ḋéanas mór‑éaċta.

16 Bíonn bua gaċ birt ag láiṁ ḋeas an Tiarna: is í láṁ ḋeas an Tiarna a ḋéanas mór‑éaċta.

17 Ní bás aċ beaṫa atá i ndán dom: le hoibreaċa an Tiarna a insint.

18 Ḃí an Tiarna ag cur smaċta orm ċun mo leasa: aċ níor lig sé dom dul in éag.

19 Osclaígí geataí na fíréantaċta roṁam: go dté mé tríoṫu isteaċ, agus go dtuga mé buíoċas don Tiarna.

20 Is é seo geata an Tiarna: is é an fíréan a raċas isteaċ tríd.

21 Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, ó dʼéist tú liom: agus ós tú is slánú dom.

22 An ċloċ ċéanna a ḋiúltaiġ na saoir: tá sí mar ċloċ ċinn sa ċúinne.

23 Is é sin an gníoṁ a rinne an Tiarna: agus is iontaċ é inár súile.

24 Is é seo an lá a rinne an Tiarna: is lá áṫais agus lúċáire dúinn é.

25 Cuidiġ liom anois, a Ṫiarna: a Ṫiarna, cuir anois ċugainn an séan.

26 Go mba ḃeannaiṫe an té a ṫagann in Ainm an Tiarna: guímid an raṫ ort ó ṫeaċ an Tiarna.

27 Is é Dia an Tiarna a ṫaispeáin an solas dúinn: ceangail an íobairt le cordaí, do ḃeanna féin na haltóra.

28 Is tú mo Ḋia, is leat a ṫaḃarfaiḋ mé buíoċas: is tú mo Ḋia, is tú a ṁolfas mé.

29 Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, ós maiṫ é: agus ó ṁaireann a ṫrócaire go síoraí.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ