Psailm 116 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 116. Dilexi, quoniam. 1 Tá mʼintinn lánsásta: gur éist an Tiarna le glór mo ġuí; 2 Go dtug sé cluas dom: dá ḃrí sin beiḋ mé ag glaoċ air ḟad agus a ṁairim. 3 Ḃí dola an éaga do mo ṫimpeallú: ḃí pianta ifrinn ag fáil greama orm. 4 Ḃí mé faoi ṫuirse agus faoi ṫroime ċroí, agus ġlaoiġ mé ar Ainm an Tiarna: A Ṫiarna, impím ort go ḃfuascla tú mʼanam. 5 Is fial fíréanta an Tiarna: is ag ár nDia atá an trócaire. 6 Cuṁdaíonn an Tiarna na daoine simplí: is é a ċuidiġ liom, agus mé i mbuaireaṁ. 7 Bíoḋ suaiṁneas ort arís, a ṁʼanam: ó ṫug an Tiarna luaíoċt duit. 8 Agus cad ċuige? Dʼḟuascail tú mʼanam ó ḃás: mo ṡúile ó ḋeora, agus mo ċosa ó ṫitim. 9 Siúlfaiḋ mé i láṫair an Tiarna: ar ṫalaṁ na mbeo. 10 Ċreid mé, agus laḃróiḋ mé dá ḃrí sin; aċ ba ṁór é mo ḃuaireaṁ: ṫug mé deifir orm á rá, Is bréagaċ iad na daoine go léir. 11 Conas a ċúiteoiḋ mé leis an Tiarna é: ar son a ndearna sé de ṁaiṫ orm? 12 Glacfaiḋ mé corn an tslánaiṫe: agus glaofaiḋ mé ar Ainm an Tiarna. 13 Coṁlíonfaiḋ mé mo ṁóideanna anois i láṫair a ṗobail uile: is lánluaċṁar bás a naoṁ i súile an Tiarna. 14 Féaċ orm, a Ṫiarna, atá i mo ṡeirḃíseaċ agat: is mé do ṡeirḃíseaċ, mac do ċuṁaile; réab tú mo ċuiḃreaċa ó ċéile. 15 Tairgfiḋ mé duit íobairt an ḃuíoċais: agus glaofaiḋ mé ar Ainm an Tiarna. 16 Coṁlíonfaiḋ mé mo ṁóideanna don Tiarna, faoi ṡúile a ṗobail go léir: i gcúirteanna tí an Tiarna, agus i do ċeartlár, a ċaṫair Iarúsalem. Molaigí an Tiarna. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland