Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 115 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 115. Non nobis, Domine.

1 Ní dúinne, a Ṫiarna, ní dúinne, aċ is dod Ainmse is dual an molaḋ: as uċt do ṫrócaire ġráṁaire, agus as uċt dʼḟírinne.

2 Cad ċuige a ndéarfaiḋ na págánaiġ: cá ḃfuil a nDia san anois?

3 Ós ag tráċt ar ár nDia é, is ar neaṁ atá sé: níl ní dár ṫaitin leis naċ ndearna sé.

4 Níl ina n‑íola aċ airgead agus ór: agus obair láiṁe daoine.

5 Bíonn béil orṫu, aċ ní laḃraíonn siad: bíonn súile ina gcinn, aċ ní ḟeiceann siad.

6 Bíonn cluasa orṫu, aċ ní ċluineann siad: bíonn sróna orṫu, aċ ní ṁoṫaíonn siad aon ḃolaḋ.

7 Bíonn láṁa acu, aċ ní láiṁsíonn siad; bíonn cosa acu, aċ ní ṡiúlann siad: ní mó a laḃraíonn siad as a sceadamán.

8 Bíonn luċt a ndéanta mar iad: agus is ionann cás dá dtéann ina muinín.

9 Aċ cuir tusa, a ṫeaġlaiġ Iosrael, do dóċas sa Tiarna: is é a gcúnaṁ agus a gcrann cosanta é.

10 A ṫeaġlaiġ Áróin, cuirigí ḃur ndóċas sa Tiarna: is é a gcúntóir agus a gcosantóir é.

11 An dream darb eagal an Tiarna, cuir ḃur ndóċas sa Tiarna: is é a gcúntóir agus a gcosantóir é.

12 Ċuiṁniġ an Tiarna orainn, agus beannóiḋ sé sinn: beannóiḋ sé féin teaġlaċ Iosrael, beannóiḋ sé teaġlaċ Áróin.

13 Beannóiḋ sé an dream darb eagal an Tiarna: idir ḃeag agus ṁór.

14 Beiḋ siḃ do ḃur síorṁéadú ag an Tiarna: siḃ féin agus ḃur gclann in ḃur ndiaiḋ.

15 Is siḃ an drong ar ḃeannaiġ an Tiarna siḃ: cruṫaiṫeoir neiṁe agus talaiṁ.

16 Is leis an Tiarna na neaṁa ar fad: ṫug sé an talaṁ don Áḋaṁċlann.

17 Ní ḃíonn na marḃáin do do ṁolaḋ, a Ṫiarna: ná an dream a ṫéann síos ċun tosta.

18 Aċ molfaimidne an Tiarna: feasta agus go bráċ. Molaigí an Tiarna.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ