Psailm 114 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 114. In exitu Israel. 1 Nuair a ṫáinig Iosrael amaċ as an Éigipt: agus nuair a ṫáinig teaġlaċ Iácóib ó ḃeiṫ i measc daoine coiṁṫíoċa, 2 Ba é lúda a ṡanctóir: agus ba é Iosrael a ṫiarnas. 3 Ċonaic an ṁuir sin, agus ṫeiṫ sí: cuireaḋ Sruṫ Iornáin ar gcúl. 4 Ċuaiġ na sléiḃte ag léimneaċ mar reiṫí: agus na cnocáin mar uain ċaoraċ. 5 Cad é ḃí ort, a ṁuir, gur ṫeiṫ tú: nó cad é ḃí ort, a Iornáin, go ndeaċaiġ tú ar gcúl? 6 Cad é a ḃí oraiḃ, a ṡléiḃte, gur léim siḃ mar reiṫí: nó oraiḃ, a ċnocáin, go raiḃ siḃ ag léimneaċ mar uain ċaoraċ? 7 Bíoḋ criṫ ort, a ṫalaiṁ, roiṁ láiṫreaċt an Tiarna: roiṁ láiṫreaċt Dé Iácóib; 8 A rinne loċán buan den ċreagán ċrua: agus tobar fíoruisce den ċloċ ṫine. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland