Psailm 113 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 113. Laudate, pueri. 1 Molaigí an Tiarna, a ṡeirḃísiġ: bíoḋ Ainm an Tiarna á ṁolaḋ agaiḃ. 2 Beannaítear Ainm an Tiarna: feasta agus go bráċ. 3 Bítear ag molaḋ Ainm an Tiarna: ó éirí go dul faoi na gréine. 4 Is ard an Tiarna os cionn na náisiún uile: is ard a ġlóir os cionn na neaṁ. 5 Cé is cosúil leis an Tiarna ár nDia, a ḃíos ina ċónaí in Airde: agus a ḃíos á ísliú féin le féaċaint ar a ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ? 6 Tógann sé an duine simptí as deannaċ an ḃóṫair: agus ardaíonn sé an boċtán as an lábán; 7 Go gcuire sé i measc na bprionsaí é: ar ċoṁċéim le prionsaí a ṗobail. 8 Tugann sé lán tí de ṁuirín don ḃean aimrid: go ndéanfaiḋ sé máṫair áṫasaċ áil di. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland