Psailm 112 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 112. Beatus vir. 1 Is beannaiṫe an duine darb eagal an Tiarna: is mór an dúil a ḃíos aige ina aiṫeanta. 2 Beiḋ a ṡíol cuṁaċtaċ ar an talaṁ: beiḋ beannaċt ar ṡlioċt na gcreidṁeaċ. 3 Beiḋ maoin agus ollṁaiṫeas ina ṫeaċ: agus maireann a ḟíréantaċt go bráċ. 4 Éiríonn solas ar lár an dorċadais don duine diaganta: is trócaireaċ carṫanaċ fíréanta é. 5 Bíonn an dea‑ḋuine trócaireaċ, agus tugann sé iasaċtaí uaiḋ: agus toġann sé a ḃriaṫra le stuaim. 6 Óir ní ḃainfear bogaḋ as go bráċ: agus cuiṁneofar ar an ḃfíréan go síoraí. 7 Ní ḃeiḋ eagla air roiṁ ḋroċscéala: óir seasann a ċroí go daingean, agus creideann sé sa Tiarna. 8 Bíonn a ċroí láidir agus ní lagóiḋ sé: go ḃfeice sé mian a ṫola ar a naiṁde. 9 Scaoil sé ṫart a ṁaoin agus ḃronn sé í ar na boċta: agus fanann a ḟíréantaċt i gcónaí; ġeoḃaiḋ a ḃeann céim arduiṫe agus onóra. 10 Feicfiḋ an droċḋuine é, agus goillfiḋ sé air: beiḋ díoscarnaċ fiacal agus cnoí air; raċaiḋ a ṁian amú ar an droċḋuine. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland