Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 111 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 111. Confitebor tibi.

1 Taḃarfaiḋ mé buíoċas leis an Tiarna ó iomlán mo ċroí: i measc na gcreidṁeaċ os íseal, agus i gcruinniú an ṗobail.

2 Is mór iad oibreaċa an Tiarna: bíonn iarraiḋ orṫu ag an drong a ċuireas dúil iontu.

3 Is inṁolta inonóraiṫe a ṡaoṫar: maireann a ḟíréantaċt de ṡíor.

4 Rinne Tiarna trócaireaċ na ngrást a oibreaċa iontaċa ar an gcuma: go mba ċeart cuiṁne a ċoinneáil orṫu.

5 Ṫug sé bia don dream darb eagal é: ba ċuiṁin leis a ċonraḋ go deo.

6 Ṫaispeán sé cuṁaċt a oibreaċa dá ṗobal: go dtuga sé oiḋreaċt na bpágánaċ dóiḃ.

7 Is iad an ḟírinne agus an ceart iad oibreaċa a láṁ: is fíor iad a aiṫeanta go léir.

8 Seasann siad go daingean ċoíċe agus go deo: is de réir fírinne agus cirt a ḋéantar iad.

9 Ċuir sé fuascailt ċuig a ṗobal: dʼordaiġ sé a ċonraḋ go deo; is naofa oirṁinneaċ a Ainm.

10 Tús eagna eagla an Tiarna: is dea‑ṫuisceanaċ a ndéanann dá réir; maireann a ṁolaḋ go deo.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ