Psailm 110 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 110. Dixit Dominus. 1 Is é dúirt an Tiarna le mo Ṫiarna: Suiġ ar mo láiṁ ḋeas, go gcuire mé do naiṁde mar stól faoi do ċosa. 2 Sínfiḋ an Tiarna slat do ċuṁaċta as Síón: bíoḋ an réim agat, go fiú i gceartlár do naṁad. 3 I lá tionóla do ṡlua beiḋ do ṁuintir á dtairiscint féin go deontaċ naoṁ‑ó‑mósaċ: beiḋ dʼógḟir mar ḋrúċt na maidine ann. 4 Ṫug an Tiarna mionn, agus ní ḃeiḋ aiṫreaċas air: Is sagart tú go síoraí de réir oird Ṁelcisadec. 5 Beiḋ an Tiarna ar do ṫaoḃ ḋeas: ag gonaḋ na ríṫe féin i lá a ḟeirge. 6 Taḃarfaiḋ sé breiṫiúnas i measc na bpágánaċ; beiḋ na háiteanna lán aige de ċoirp ṁarḃa: déanfaiḋ sé ḋá leaṫ de luċt ceannais na seaċt dtíorṫa. 7 Ólfaiḋ sé as an sruṫán ar an slí: dá ḃrí sin ardóiḋ sé a ċeann. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland