Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 11 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 11. In Domino confido.

1 Is sa tiarna a ċuirim mo ḋóċas: conas adeir siḃ lem anam teiṫeaḋ ċun an ċnoic mar éan?

2 Óir siúd luċt an oilc ag lúbaḋ a mboġa, agus ag ullṁú bolgán na saiġead: go scaoile siad os íseal le luċt an ċroí ḟír.

3 Óir leagfar na buna atá fúinn: agus cad é is féidir leis an ḃfíréan a ḋéanaṁ?

4 Tá an Tiarna ina ṫeampall naofa: tá caṫaoir an Tiarna ar neaṁ.

5 Breaṫnaíonn a ṡúile na boċta: scrúdaíonn a roisc Síol Áḋaiṁ.

6 Proṁann an Tiarna na fíréin: aċ is fuaṫ anama leis fear an oilc, agus an té a mbíonn dúil aige i ndroċġníoṁarṫa.

7 Fearfaiḋ sé dola ar luċt an oilc, tine agus ruiḃ, gaoṫ ṁór agus doineann: sin an deoċ a ḃeas acu le n‑ól.

8 Óir bíonn grá ag an Tiarna fíréan ar an ḃfíréantaċt: ní ḟeicfiḋ a ġnúis aċ an ní atá ceart.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ