Psailm 109 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 109. Deus laudem. 1 Ná fan i do ṫost, a Ḋia atá molta agam: óir hosclaíoḋ im aġaiḋ béal luċt an oilc, hosclaíoḋ im aġaiḋ béal na mbréagairí. 2 Agus laḃraíodar im aġaiḋ le teangaċa bréagaċa: ṫimpeallaiġ siad mé le briaṫra fuaṫa, agus ṫroideadar gan ċúis im aġaiḋ. 3 Ar son an ġrá a ṫug mé dóiḃ, féaċ mar ṫéann siad im éadan: aċ téimse i muinín na hurnaí. 4 Is aṁlaiḋ a ṫug siad an t‑olc in aġaiḋ na maiṫeasa: agus an fuaṫ in aġaiḋ mo ḋea‑rúin. 5 Cuir tusa fear oilc ina rialtóir os a ċionn: agus seasaḋ eascara ar a láiṁ ḋeas. 6 Nuair a ṫugtar breiṫ air, daortar é: agus tiontaítear a urnaí ina peaca. 7 Go mba tearc iad a laeṫanta: agus glacaḋ fear eile a oifig. 8 Bíoḋ a ċlann ina ndílleaċtaí: agus a ḃanċéile ina baintreaċ. 9 Bíoḋ a ċlann ina luċt siúil, ag iarraiḋ a n‑aráin: á iarraiḋ as áiteanna uaigneaċa. 10 Caiṫeaḋ fear na ḃfiaċ a mbíonn aige: agus creaċaḋ an coiṁṫíoċ ar ṡaoṫraiġ sé. 11 Ná raiḃ duine ann a ġlacfaḋ trua dó: nó a ḋéanfaḋ cineál ar a leanaí gan aṫair. 12 Scriostar a ṡlioċt: agus báitear a ṡloinne sa ġlúin a ṫiocfas. 13 Cuiṁnítear in aṁarc an Tiarna ar urċóid a aiṫreaċa: agus ná scriostar amaċ peaca a ṁáṫar. 14 Bídís i gcónaí os coinne an Tiarna: go scriosa sé a gcuiṁne de ḋroim an talaiṁ. 15 Bíoḋ sin aṁlaiḋ, de ḃrí nár rún leis an ṁaiṫ a ḋéanaṁ: aċ ag cur géarleanúna ar an duine boċt cloíte, go maraíoḋ sé an té a ḃí faoi ḃuaireaṁ ċroí. 16 Ḃí a ḋúil sna mallaċtaí, agus is iad a ṫiocfas air: ní raiḃ grá aige do na beannaċtaí, agus dá ḃarr sin is fada uaiḋ a ḃeiḋ siad. 17 Ċuir sé air na mallaċtaí mar éadaċ: agus tiocfaiḋ siad mar uisce isteaċ ina inní, agus mar ola isteaċ ina ċroí. 18 Bídís aige mar an mbrat a ḃíos air: agus mar an gcrios a ḃíos ṫar a ċom de ṡíor. 19 Go mbʼaṁlaiḋ a ḋéanfaiḋ an Tiarna le mo naiṁde: agus le luċt ṁílaḃarṫa mʼanama. 20 Aċ déan tusa liom, a Ṫiarna Dia, de réir dʼAinm: óir is milis do ṫrócaire. 21 Ó fuascail mé, óir táim boċt ar díṫ ċuidiṫe: agus tá mo ċroí gortaiṫe i mo lár. 22 Bím ag imeaċt as seo mar imíos an scáil: agus do mo ruaigeaḋ as mar an dreolán teaspaiġ. 23 Bíonn mo ġlúna lag le troscaḋ: triomaíoḋ mʼḟeoil le heaspa ṁéaṫrais. 24 Ḃí mé mar aċasán acu: ḃí a ḃfaca mé ag craiṫeaḋ a gcinn. 25 Cuidiġ liom, a Ṫiarna, a Ḋia liom: slánaiġ mé de réir do ṫrócaire; 26 Go raiḃ a ḟios acu, gurb é seo do láṁ: agus gur tú, a Ṫiarna, a rinne é. 27 Siúd is go mallaċtaíonn siadsan, bí tusa ag beannú: agus cuirtear díomua ar a n‑éiríonn amaċ im aġaiḋ; agus bíoḋ lúċáir ar do ṡeirḃíseaċ. 28 Bíoḋ náire ar mʼeascairde: agus bídís á ḃfolaċ féin lena ndíomua féin mar le brat. 29 Aċ beiḋ mise ag taḃairt mórḃuíoċais don Tiarna le mo ḃéal: agus ag seinm a ṁolta i measc an tslua; 30 Óir seasfaiḋ sé ar ṫaoḃ ḋeas an ḃoċtáin: lena anam a ṡlánú ar ḃreiṫiúna éagóraċa. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland