Psailm 108 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 108. Paratum cor meum. 1 A Ḋia, tá mo ċroí ullaṁ, tá mo ċroí ullaṁ: beiḋ mé ag canaḋ agus ag seinm do ṁolta leis an mball is fearr de mo ḃalla. 2 Dúisiġ, a liúit, agus a ċláirseaċ: is moċ maidine a ḋúiseoiḋ mé féin. 3 Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, a Ṫiarna, i measc na gciníoċa: seinnfiḋ mé do ṁolaḋ i measc na náisiún. 4 Óir is mó do ṫrócaire ná na neaṁa: agus sroiċeann dʼḟírinne ċun na néalta. 5 Éiriġ, a Dia, os cionn neiṁe: agus bíoḋ do ġlóir os cionn an talaiṁ. 6 Go ḃfuascailtear do luċt cumainn: slánaíoḋ do láṁ ḋeas iad, agus taḃair éisteaċt dom. 7 Laḃair Dia ina naofaċt: beiḋ mé ag déanaṁ gairdis, agus roinnfiḋ mé Secem, agus toṁasfaiḋ mé Gleann Succót. 8 Is liom Gilead, agus is liom Manasses: is é Eṗráím neart mo ċinn; is é lúda mo ṡlat ríoga; 9 Is é Móab mo scála níoċáin; caiṫfiḋ mé mo ḃróg uaim ṫar Édom: beiḋ an bua agam ar Ṗilistia. 10 Cé a ṫreoróiḋ isteaċ sa ċaṫair láidir mé: cé a ḋéanfaiḋ eolas dom go hÉdom? 11 Naċ tú a ṫréig sinn, a Ḋia: agus an é naċ toil leat, a Ḋia, dul amaċ lenár sluaite? 12 Cuidiġ linn in aġaiḋ an naṁad: ós díoṁaoin cuidiú ón duine. 13 Is trí Ḋia a ḋéanfaimis mór‑éaċta: agus is é a ċuireas ár naiṁde faoina ċosa. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland