Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 107 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 107. Confitemini Domino.

1 Tugaigí buíoċas leis an Tiarna ar a ṁaiṫeas: agus ar son a ṫrócaire a ṁairfeas de ṡíor.

2 Tugaḋ an dream buíoċas a ṡlánaiġ an Tiarna: agus a dʼḟuascail sé as láiṁ an naṁad;

3 Agus a ċruinniġ sé as na tíorṫa, anoirʼs aniar: aduaiḋ aʼs aneas.

4 Ċuadar ar seaċrán slí san ḟásaċ: ní ḟuaireadar caṫair ċónaiṫe.

5 Idir an tart agus an t‑ocras: lagaiġ a n‑anam ina lár.

6 Ġlaodar mar sin ar an Tiarna ina mbuaireaṁ: agus dʼḟuascail sé as a ngéiḃeann iad.

7 Rinne sé eolas na slí dóiḃ: go raċaidís go dtí a gcaṫair ċónaiṫe.

8 Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar son a ṁaiṫeasa: go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Áḋaṁċlann!

9 Óir sásaíonn sé an anam ḟolaṁ: agus líonann sé an anam ocraċ de ṁaiṫeas.

10 An dream a ṡuíos i ndorċadas, agus i scáil an ḃáis: ceangailte i gcruaċuiḃreaċ an anró agus an iarainn;

11 De ḃrí gur éiríodar i dtréas ar ḃriaṫra an Tiarna: agus go mba ḃeag a mbeann ar ċoṁairle an Té is Airde.

12 Ċuir sé trom‑ualaċ orṫu a dʼísliġ a gcroí: ṫiteadar ar lár, agus ní raiḃ fear a gcuidiṫe le fáil.

13 Aċ nuair a ġlaodar ar an Tiarna ina mbuaireaṁ: dʼḟuascail sé as a ngéiḃinn iad.

14 Óir ṫug sé amaċ as an dorċadas agus as scáil an ḃáis iad: agus ḃris sé a gcuiḃreaċa i mbloġanna.

15 Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a ṁaiṫeas: go n‑inse siad a ndéanann sé dʼiontais don Áḋaṁċlann!

16 Óir ḃris sé geataí an ṗráis: agus rinne sé ḋá leaṫ de na sparraí iarainn.

17 Tagann plá ar na daoine amaideaċa de ḃarr a gcoire: agus de ḃarr a n‑urċóide.

18 Níl cineál bia naċ mbíoḋ gráin acu air: ḃíodar i ngar do ḋoras an ḃáis.

19 Aċ nuair a ġlaodar ar an Tiarna ina mbuaireaṁ: is é dʼḟuascail as a ngéiḃeann iad.

20 Ċuir sé a ḃriaṫar ċucu, gur leiġeasaiġ iad: agus slánaíoḋ iad ón scrios a ḃí i ndán dóiḃ.

21 Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a ṁaiṫeas: go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Áḋaṁċlann!

22 Go n‑ofrála siad íobairt an ḃuíoċais dó: go mba ġairdeaċ a ḟoilsí siad a oibreaċa!

23 Luċt loingis agus luċt seolta an tsáile: a ċleaċtaíonn a gceard ar ṁórṁuir;

24 Is iad a ḟeiceann oibreaċa an Tiarna: agus a ḟeiceann a iontais ar an aiḃéis ṁór.

25 Focal uaiḋ, agus éiríonn an séideán gaoiṫe: a ḃíos ag tógáil a tonnta.

26 Téann siad suas ċun neiṁe, agus síos go grinneall na farraige: bíonn a n‑anam ag leá leis an mbuaireaṁ.

27 Sciordann siad ó ṫaoḃ go taoḃ, mar ḟear ar meisce; agus na cosa ag imeaċt as fúṫu: agus bíonn siad i mbarr a gcéille.

28 Aċ nuair a ġlaonn siad ar an Tiarna ina mbuaireaṁ: fuasclaíonn sé as a ngéiḃeann iad.

29 Cuireann sé cosc leis an ndoineann: go socraíonn a tonnta.

30 Bíonn lúċáir orṫu go ḃfuaireadar suaiṁneas: agus is aṁlaiḋ tugann sé go cuan agus go calafort iad, mar ba ṁian leo a ḃeiṫ.

31 Go mola na daoine mar sin an Tiarna ar a ṁaiṫeas: agus go n‑insí siad a ndéanann sé dʼiontais don Áḋaṁċlann!

32 Go móra siad é i gcruinniú an ṗobail: go mola siad é i suíoċán na seanóirí!

33 Déanann sé fásaċ de na sruṫáin: agus triomaíonn sé na toibreaċa uisce.

34 Bánaíonn sé na tailte méiṫe: as uċt urċóide a luċt áitreafa.

35 Agus déanann sé arís fuarán buan den ḟásaċ: agus toibreaċa uisce den talaṁ tirim.

36 Agus cuireann sé luċt an ocrais ann: go dtóga siad caṫair dóiḃ ċun cónaiṫe;

37 Go gcuire siad síol ar a dtalaṁ, agus go gcuire siad fíonġoirt: a ṫaḃarfaḋ tuilleaḋ torṫaí dóiḃ.

38 Cuireann sé a ḃeannaċt orṫu, go méadaíonn siad go mór: ní ligeann sé dá n‑eallaċ dul i laġad.

39 Agus arís, nuair a ṫagann laġdú nó lagaḋ orṫu: le diansmaċt, nó plá, nó buaireaṁ ar biṫ;

40 Cé go ḃfearann sé díṁeas ar na flaṫa: agus go ligeann sé dóiḃ dul ar seaċrán slí san ḟásaċ;

41 Cuidíonn sé ina ḋiaiḋ sin leis na boiċt a ṫeaċt as a n‑ainnise: agus déanann sé teaġlaiġ mar ṫréada caoraċ.

42 Taḃarfaiḋ an fíréan sin faoina aire, agus beiḋ áṫas air: agus tostfar béal na hurċóide uile.

43 An té ḃíos eagnaí, déanfaiḋ sé meaḃrú air sin: agus ġeoḃaiḋ siad tuiscint ar ċarṫanaċt ġráṁar an Tiarna.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ