Psailm 106 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 106. Confitemini Domino. 1 Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, ar a ṁaiṫeas: agus ar son a ṫrócaire a ṁaireas de ṡíor. 2 Cé lér féidir gníoṁarṫa uaisle go léir an Tiarna a ċur i dtuiscint: ná áḃair uile a ṁolta a lua? 3 Is beannaiṫe an drong a ḃíos ag síorċleaċtaḋ an ċirt: agus ag cur na fíréantaċta i ngníoṁ. 4 Cuiṁniġ orm, a Ṫiarna, agus bí go maiṫ dom mar is maiṫ tú le do ṗobal: tar ċugam le do ṡlánú; 5 Go ḃfeice mé suairceas do ḋaoine tofa: agus go mbí aoiḃneas do ṗobail ag déanaṁ aoiḃnis dom, agus go dtuga mé buíoċas mar aon led oiḋrí. 6 Ṗeacaíomar mar ṗeacaiġ ár sinsear roṁainn: rinneamar an ní nár ċeart, ba urċóideaċ ár ngníoṁarṫa. 7 Ní ṫug ár sinsear aird ar dʼḟearta san Éigipt, ná níor ċoinníodar cuiṁne ar do ṁórṁaiṫeas: aċ ag dul in easuṁlaíoċt ort ag an muir, dá ngairtear an Ṁuir Rua. 8 Aċ ċuidiġ sé leo ina ḋiaiḋ sin as uċt a Ainm: ionas go mbʼḟeasaċ don saol a ċuṁaċt. 9 Ḃagair sé fós ar an Muir Rua, gur triomaíoḋ í: gur ṡeol sé iad ṫar grinneall na farraige, ionann ʼs dá mbeidís ag siúl an ḟásaiġ. 10 Agus ṡlánaiġ sé iad as láiṁ an áiḃirseora: agus dʼḟuascail sé iad as láiṁ an naṁad. 11 Is ṫar luċt a mbuarṫa a ċuaiġ na tonnta: níor fágaḋ fear inste scéil. 12 Ċreideadar ansin a ḃriaṫra uaiḋ: agus ċuadar ag seinm a ṁolta. 13 Aċ i gcionn tamaill rinneadar dearmad dá oibreaċa: agus níorḃ áil leo fanaċt lena ċoṁairle. 14 Aċ ṫáinig ainṁian orṫu san ḟásaċ: agus ċuireadar caṫú ar Ḋia ar ṡlí an uaignis. 15 Agus ṫug sé ar iarradar dóiḃ: aċ gur ḃoċtaiġ sé a n‑anamaċa dá ḃarr. 16 Ḃí éad orṫu le Maois agus iad faoi na pubaill: agus le hÁrón, naoṁ Dé. 17 Dá ḃrí sin dʼḟoscail an talaṁ a ḃéal, gur ṡlog sé Dátán: agus gur ḟolaiġ sé coṁṫionól Abíraim. 18 Agus fadaíoḋ an tine i measc a slua: agus loisc na lasraċa an drong ḋíċráifeaċ. 19 Rinneadar lao i Hóreb: agus rinneadar an íoṁá ṫeilgṫe a aḋraḋ. 20 Is aṁlaiḋ a ċuireadar an té ba ġlóir dóiḃ: i gcosúlaċt le gaṁain a iṫeas féar. 21 Agus ba é a ndearmad Dia a Slánaiṫeoir: a rinne na mórġníoṁarṫa úd san Éigipt; 22 Agus na gníoṁarṫa iontais i dTír Ċaim: agus na gníoṁarṫa uafáis ċois na Mara Rua. 23 Ḃí sé á rá dá ḃrí sin, go scriosfaḋ sé iad, murab é gur ṡeas Maois, a ḋuine tofa, roiṁe sa ḃearna: le dásaċt a ḟeirge a ṫiontú i leataoḃ, ionas naċ scriosfaḋ sé iad. 24 Ba ḃeag leo go deiṁin an tír aoiḃinn úd: agus níor ṫugadar creideaṁ dá ḃriaṫar; 25 Aċ ag monaḃar ina bpubaill: gan éisteaċt le glór an Tiarna. 26 Ṫóg sé ansin a láṁ orṫu: lena gcur ar lár san ḟásaċ; 27 Lena slioċt a spré i measc na náisiún: agus lena scaipeaḋ ar fuaid na dtíorṫa. 28 Ċeanglaíodar cumann le Báal Péór: agus dʼiṫeadar íobairtí na marḃ. 29 Is aṁlaiḋ a dʼḟadaíodar a ḟearg lena n‑oilḃéasa féin: agus ba ṫroṁ a luiġ an ṗlá orṫu. 30 Bʼansin a dʼéiriġ Ṗinéas amaċ agus a ċuir sé an breiṫiúnas i ngníoṁ: agus is aṁlaiḋ a cuireaḋ cosc leis an bplá. 31 Agus measaḋ sin mar ḟíréantaċt dó: ag slioċt na slioċt go deo. 32 Ċuireadar fearg air ag tobar an ċlampair: gur ċuir sé pionós ar Ṁaois ar a son; 33 De ḃrí gur ċuireadar corraí ar a intinn: ionas gur laḃair sé go míċoṁairleaċ lena ḃéal. 34 Níor scriosadar na págánaiġ aċ oiread: mar dʼordaiġ an Tiarna dóiḃ; 35 Aċ ċuadar tríd na págánaiġ: agus dʼḟoġlaimíodar a n‑oibreaċa. 36 Ionas gur aḋradar a n‑íola, rud a ċuir ar ṡlí a n‑aiṁleasa iad: ó rinneadar a mic agus a iníonaċa íobairtí do na deaṁain; 37 Agus fuil neaṁċiontaċ, fuil a mac agus a n‑iníon a ḋoirteaḋ: a dʼíobradar dʼíola Ċánáin gur truaillíoḋ an tír le fuil; 38 Is aṁlaiḋ a fuaireadar smál óna n‑oibreaċa féin: agus a ċuadar le stríopaċas i ndiaiḋ ar saṁlaíoḋ dóiḃ féin. 39 Fadaíoḋ fearg Dé dá ḃrí sin in aġaiḋ a ṗobail féin: ar ṁoḋ gur ġráin leis a oiḋreaċt. 40 Agus ṫug sé iad ar láiṁ na bpágánaċ: agus ḃí luċt a ḃfuaṫa ina dtiarnaí os a gcionn. 41 Ċuir a naiṁde iad faoina gcosa: agus ḃíodar faoina smaċt. 42 Is minic a dʼḟuascail sé iad: aċ gur éiríodar i dtréas air lena saṁlaíoċta féin, agus go dtug a n‑olc féin anuas iad. 43 Ina ḋiaiḋ sin, nuair a ċonaic sé a mbuaireaṁ: dʼéist sé lena ngearán. 44 Ċuiṁniġ sé ar a ċonraḋ, agus ḃí trua aige dóiḃ, de réir méid a ṫrócaire: agus go deiṁin ṫug sé ar an dream a rinne braiġde díoḃ trua a ḃeiṫ acu dóiḃ. 45 Fuascail sinn, a Ṫiarna ár nDia, agus cruinniġ sinn ó ḃeiṫ i measc na bpágánaċ: go dtugaimid buíoċas dod Ainm naofa, agus go mbí do ṁolaḋ á ṁaíoṁ againn. 46 Go mbeannaítear don Tiarna Dia Iosrael ón síoraíoċt agus go saol na saol: agus abraḋ na daoine go léir, Áiméan. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland