Psailm 105 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 105. Confitemini Domino. 1 Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, agus glaoigí ar a Ainm: insígí do na daoine a ndearna sé. 2 Bíoḋ sé mar áḃar aṁrán, agus bíoḋ sé á ṁolaḋ agaiḃ: agus bígí ag caint ar a oibreaċa iontaċa. 3 Ba é a Ainm naofa cúis ḃur lúċáire: oḋ áṫas croí ar luċt iarrṫa an Tiarna. 4 Iarraigí an Tiarna agus a ċuṁaċt: iarraigí a ġnúis go deo. 5 Cuiṁnígí ar a ndearna sé dʼoibreaċa iontaċa: ar a ḟearta agus ar ḃreiṫeanna a ḃéil. 6 A Ṡíl Abraċaim, a ṡeirḃíseaċ: a ċlann Iácóib, a ḟear tofa. 7 Is é an Tiarna ár nDia é: bíonn a ḃreiṫiúnais ar fuaid an doṁain. 8 Ba ċuiṁneaċ leis riaṁ a ċonraḋ agus a ġealltanas: a rinne sé le míle glún; 9 An conraḋ a ċeangail sé le hAbraċam: agus an ṁóid a ṁionnaiġ sé dʼÍsaac; 10 A dʼainmniġ sé mar ḋlí do Iácób: agus mar ṫiomna síoraí dʼIosrael; 11 Is é a dúirt sé, Is duit a ṫaḃarfaiḋ mé Tír Ċanáin: roinn ḃur n‑oiḋreaċta; 12 Nuair naċ raḃadar aċ beagán ann: agus iad ina gcoiṁṫíġ sa tír; 13 Nuair a dʼimídís ó náisiún go ċéile: ó ríoċt aṁáin go bunaḋ eile; 14 Níor lig sé dʼaon duine doċar a ḋéanaṁ dóiḃ: aċ ag bagairt ar ríṫe féin ar a son; 15 Ná bainigí dom ungṫaiġ: agus ná déanaigí doċar dom ḟáiṫe. 16 Ġlaoiġ sé ansin ar an ngorta isteaċ ċun na tíre: agus lón an aráin a ċuir sé i gceal. 17 Aċ ḃí an duine curṫa aige rompu: mar tá Iósaf, a ḋíolaḋ mar ḋaor; 18 Ar gortaíoḋ a ċosa sa ċeap: fuair an t‑iarann greim ar a anam; 19 Go dtáinig an t‑am a fuarṫas fios fáṫa a ċúise: ar féaċaḋ é le briaṫar an Tiarna. 20 Cuireaḋ fios ón rí á ḟuascailt: scaoil prionsa an ṗobail a ċeann leis. 21 Rinne sé tiarna de os cionn a ṫeaġlaiġ: agus maor de os cionn a ṁaoine; 22 Ionas go múinfeaḋ sé a ṫoil dá ṁaiṫe: agus go múinfeaḋ sé eagna dá ṡeanadóirí. 23 Ṫáinig Iosrael isteaċ san Éigipt: agus ḃí Iácób ina ċoiṁṫíoc i dtír Ċaim. 24 Agus ṁéadaiġ sé go mór a ṗobal: agus rinne sé níos láidre ná a naiṁde iad; 25 Ar aṫraiġ a gcroí, go dtugadar fuaṫ dá ṗobal: agus go ndearnadar feall ar a ṡeirḃísiġ. 26 Ba ansin a ċuir sé uaiḋ Maois a ṡeirḃíseaċ: agus Árón an fear a ṫoġ sé. 27 Ṫaispeánadar san a ċoṁarṫaí ina measc: agus iontais i dtír Ċaim. 28 Ċuir sé dorċadas ċucu, agus ḃí sé dorċa: aċ ní móide a dʼuṁlaíodar dá ḃriaṫar. 29 Ṫiontaiġ sé a n‑uiscí ina ḃfuil: agus ṁaraiġ sé a n‑iasc. 30 Ṫug a dtalaṁ uaiḋ loscainn: go fiú i seomraí a ríṫe. 31 Laḃair sé an focal, agus ṫáinig cuileoga de gaċ cineál: agus míola ina gcónaiṫe uile. 32 Ṫug sé cloċa sneaċta in ionad báistí dóiḃ: agus lasraċa tine ar fuaid a dtíre. 33 Ḃuail sé a gcraoḃaċa fíniúna agus a gcrainn ḟige: agus scrios sé a raiḃ de ċrainn idir a limistéirí. 34 Laḃair sé an focal, agus ṫáinig na dreoláin teaspaiġ, agus péisteanna capaill gan áireaṁ: gur iṫeadar a raiḃ dʼḟéar sa tír, agus gur ṡlogadar torṫaí a dtalaiṁ. 35 Ḃuail sé gaċ céadġin clainne ina dtír: an ṁéid ab ḟearr agus ba láidre orṫu. 36 Ṫug sé amaċ faoi airgead agus faoi ór iad: duine lag ní raiḃ ina dtreiḃeanna. 37 Ḃí lúċáir ar an Éigipt ag imeaċt dóiḃ: óir is orṫu ḃí an eagla rompu. 38 Spréiġ sé an néal os a gcionn mar ċuṁdaċ: agus an tine a ṫaḃarfaḋ solas san oíċe. 39 Ċuir sé na gearra goirt ċucu ar a n‑aċainí: agus líon sé dʼarán neiṁe iad. 40 Scoilt sé an ċarraig ċloiċe gur sciord na huiscí aisti amaċ: gur riṫ na haiḃneaċa sna háiteanna tirime. 41 Agus cad ċuige? De ḃrí gur ċuiṁniġ sé ar a ġealltanas naofa: agus ar Abraċam a ṡeirḃíseaċ. 42 Agus ṫug sé amaċ a ṗobal le lúċáir: agus a ṁuintir tofa le gairdeas; 43 Agus ṫug sé dóiḃ tailte na bpágánaċ: agus ṡealḃaíodar saoṫraiṫe na ndaoine. 44 Ionas go gcoinneoidís a reaċta: agus go dtugaidís aire dá ḋlíṫe. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland