Psailm 104 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 104. Benedic, anima mea. 1 Mol an Tiarna, a ṁʼanam: a Ṫiarna, a Ḋia liom, tá do ġlóir as cuimse; bíonn an t‑oirearcas agus an onóir do dʼḟolaċ. 2 Maisíonn tú ṫú féin leis an solas mar éadaċ: agus scaoileann tú amaċ na spéarṫa mar ṁuaḃrat. 3 Leagann sé saileaċa a ṡeomra ar na tonnta: agus déanann sé carbad de na néalta, agus siúlann sé ar sciaṫáin na gaoiṫe. 4 Déanann sé gaoṫa dá aingil: agus tine lasraċ dá ṫimirí. 5 Ḋaingniġ sé buna an doṁain: ionas naċ mbainfí bogaḋ as go bráċ. 6 Dʼḟolaiġ tú é leis an aiḃéis ṁór mar le héadaċ: ṡeas na huiscí os cionn na gcnoc. 7 Teiṫeann siad roiṁ do ḃagairt: éalaíonn siad rompu le glór do ṫoirní. 8 Bíonn na cnoic á n‑ardú, agus na gleannta á n‑ísliú: go dtí an t‑ionad a dʼainmniġ tú dóiḃ. 9 Tá teorainneaċa curṫa agat leo naċ sáróiḋ siad: agus ní ḋéanfaiḋ siad an talaṁ a ḟolaċ aṫuair. 10 Scaoileann sé sruṫáin as na toibreaċa isteaċ sna haiḃneaċa: a riṫeas idir na cnoic. 11 Is astu a ólas beiṫíġ uile an ṁaċaire: agus a ċoscas na hasail fiáine a dtart. 12 Is ar a mbruaċ a áitíos éanlaiṫ an aeir: agus iad ag ceiliúr i lár na gcraoḃ. 13 Leagann sé uisce anuas ar na cnoic: líontar an talaṁ de ṫoraḋ do ṡaoṫair. 14 Tugann sé an féar amaċ le haġaiḋ an eallaiġ: agus an luiḃ ġlas a ḃíos á saoṫrú ag an Áḋaṁċlann. 15 Go mbaine sé as an talaṁ an bia, agus an fíon a ċuireas áṫas croí ar an duine: agus an ola a ċuireas aoiḃ ar a ġnúis, agus an t‑arán a neartaíos le croí an duine. 16 Bíonn crainn an Tiarna lán de ṡú: na céadrais a ċuir sé ar Ṡliaḃ Liaḃáin. 17 Is iontu a ḃíos na héin ag déanaṁ a nead: agus bíonn na crainn giúise mar áras ag an gcoirr ġréine. 18 Bíonn na hardċnoic mar ḋídean ag na gaḃair fiáine: agus bíonn na creagaċa cloiċe faoi na coiníní. 19 Ṡocraiġ sé go dtaispeánfaḋ an ġealaċ uair agus aimsir: agus is feasaċ don ġrian tráṫ a dul faoi. 20 Dorċaíonn tú go mbí an oíċe ann: agus am gluaiseaċta do ḃeiṫíġ uile na coille. 21 Na leoin ag búirṫeaċ ar son a gcreiċe: níl siad aċ ag iarraiḋ a gcoda ar Ḋia. 22 Le héirí na gréine, siúd ar ṡiúl iad in éineaċt: ag dul a luí ina n‑uaṁanna. 23 Téann an Áḋaṁċlann amaċ i gcionn oibre agus saoṫair: go dtí an tráṫnóna. 24 A Ṫiarna, is líonṁar dʼoibreaċa i gcineál agus i méid: is eagnaí a rinne tú iad uile, bíonn an talaṁ lán de do ṁaoin. 25 Is ionann scéal don ṁuir ṁór leaṫan: naċ ḃfuil áireaṁ ar a snáṁann inti, idir ḃeag agus ṁór. 26 Is uirṫi a ṡiúlas na longa, agus is inti a ḃíos an Leḃiatán úd: dá dtug tú í mar áit ṡúgarṫa. 27 Bíonn súil acusan go léir leat: go dtuga tú a gcuid bia dóiḃ i dtráṫ. 28 Nuair a ṫugann tú uait é, bíonn siad á ċruinniú ċucu: nuair a osclaíonn tú do láṁ, bíonn siad á líonaḋ dá soċar. 29 Nuair a ċeileann tú do ġnúis, tagann buaireaṁ orṫu: nuair a ḃeir tú a n‑anáil uaṫu, éagann siad, agus tiontófar iad arís ina gcré. 30 Nuair a ligeann tú dʼanáil uait, beiḋ siad á gcruṫú: agus cuirfiḋ tú aṫrú cruṫa ar aġaiḋ an talaiṁ. 31 Mairfiḋ mórġlóir an Tiarna go bráċ: beiḋ a oibreaċa ag déanaṁ lúċáire don Tiarna. 32 Bainfiḋ aṁarc a ṡúl criṫ as an talaṁ: mura ndéanann sé aċ a ṁéar a ċuimilt leis na cnoic, tiocfaiḋ toit astu. 33 Canfaiḋ mé don Tiarna ċoṁ fada aʼs ṁairim: molfaiḋ mé mo Ḋia le mo ḃeo. 34 Is aṁlaiḋ a ṡásóiḋ mo ḃriaṫra é: ba é an Tiarna mo ċúis áṫais. 35 Is é atá i ndán do na peacaiġ, a scriosaḋ de ḋroim an talaiṁ: tiocfaiḋ luċt an oilc ċun críċe. 36 Mol an Tiarna a ṁʼanam: déan tusa an Tiarna a ṁolaḋ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland