Psailm 103 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 103. Benedic, anima mea. 1 Mol an Tiarna, a ṁʼanam: agus molaḋ a ḃfuil ionam a Ainm naofa. 2 Mol an Tiarna, a ṁʼanam: agus ná déan dearmad dá ṫíolaicí uile; 3 An té a ṁaiṫeas do ṗeaca uile: agus a leiġeasas do ḃreoiteaċta uile; 4 An té a ṡlánaíos do ḃeaṫa ó scrios: agus a ċuireas barr trócaire agus carṫanaċta ort; 5 An té a ṡásaíos do ḃéal le hollṁaiṫeas: do do ḋéanaṁ bríoṁar óg mar an iolar. 6 Cuireann an Tiarna an ḟíréantaċt agus an breiṫiúnas i ḃfeiḋm: don uile ḋuine dá mbíonn á ḃrú ag an éigeart. 7 Ṫaispeáin sé a ṡlite do Ṁaois: a oibreaċa do ċlann Iosrael. 8 Is lán an Tiarna de ṫrua agus de ṫrócaire: is fadḟulangaċ é, agus is mór a ṁaiṫeas. 9 Ní ḃeiḋ sé ag ceasaċt i gcónaí: ná ní ċoṫaíonn sé a ḟearg de ṡíor. 10 Ní ḋearna sé linn mar ṫuill ár bpeacaí: ná ní ṫug sé luaíoċt ár míġníoṁarṫa dúinn. 11 Óir féaċ a airde agus atá an neaṁ os cionn an talaiṁ: ní mó é ná a ṫrócaire don dream darb eagal é. 12 Féaċ fós a ḟad agus atá an aird ṫoir ón aird ṫiar: a ċoṁḟad sin a ċuir sé idir sinn agus ár bpeacaí. 13 Go deiṁin, mar ḃíonn trua ag an aṫair dá ċlann féin: is aṁlaiḋ bíonn trócaire ag an Tiarna don dream darb eagal é. 14 Óir is feasaċ dó an t‑áḃar as a ndearnaḋ sinn: is cuiṁneaċ leis naċ ḃfuil ionainn aċ deannaċ. 15 Ní ḃíonn laeṫanta an duine aċ mar an ḃféar: bíonn a ḃláṫ mar ḃláṫ an ṁaċaire. 16 Óir ċoṁ luaṫ agus a ṡéideas an ġaoṫ air, imíonn sé: agus ní aiṫneoiḋ a áit é feasta. 17 Aċ maireann maiṫeas trócaireaċ an Tiarna go saol na saol don dream darb eagal é: agus a ḟíréantaċt le haġaiḋ clann na clainne. 18 Le haġaiḋ luċt coimeádta a ċonarṫa: luċt cuiṁniṁ agus cleaċtaiṫe a aiṫeanta. 19 Tá a ċaṫaoir faoi réir ag an Tiarna ar neaṁ: agus níl ní naċ ḃfuil faoi réir a ríoċta. 20 Molaigí an Tiarna, a aingeala an Tiarna is tréine cuṁaċt: a ċoṁlíonas a aiṫeanta, agus a ṫugann cluas do ġlór a ḃriaṫar. 21 Molaigí an Tiarna, a ṡluaite an Tiarna: a ṡeirḃísiġ an Tiarna a ḋéanas a ṫoil. 22 Molaigí an Tiarna, a oibreaċa uile an Tiarna, i ngaċ áit dá ḃfuil faoina réim: Mol an Tiarna, a ṁʼanam. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland