Psailm 102 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 102. Domine, exaudi. 1 Éist lem urnaí, a Ṫiarna: tagaḋ mo ġlaoċ ċugat. 2 Ná ceil do ġnúis orm in am mo ḃuarṫa: claon do ċluas ċugam nuair a ġlaoim; taḃair éisteaċt dom gan ṁoill. 3 Óir bíonn mo laeṫanta ag imeaċt mar ṫoit: agus dóḋ mo ċnáṁa ina n‑aiḃleog. 4 Tá mo ċroí caite síos agus críon mar ḟéar: gur ḋearmad liom mʼarán a iṫe. 5 Le glór mʼosna: is ar éigean a ġreamóiḋ mo ċnáṁa do mʼḟeoil. 6 Táim mar ṗeileacán a ḃíos san ḟásaċ: agus mar ulċaḃán ar uaigneas. 7 Dʼḟan mé i mo ḋúiseaċt, go ḃfuilim mar ġealḃan: ina ṡuí ina aonar ar ṁullaċ an tí. 8 Bíonn mo naiṁde do mo ċáineaḋ ar feaḋ an lae: agus an dream atá ar mire liom ṫug siad mionn le ċéile im éadan. 9 Óir dʼiṫ mé luaiṫe mar arán: agus ṡnaiṫ mé deora le mo ḋeoċ. 10 Agus tá sin aṁlaiḋ de ḃarr do ḋíḃeirge agus dʼḟíoċa: ó nár ṫóg tú ċugat mé aċ go gcaiṫfeá uait mé. 11 Tá mo laeṫanta imiṫe mar scáil: agus bímse críon mar ḟéar. 12 Aċ mairfiḋ tusa, a Ṫiarna, go deo: agus mairfiḋ do ċuiṁne ar feaḋ a dtiocfaiḋ de ġlúna. 13 Éireoiḋ tú, agus beiḋ trócaire agat do Ṡíón: óir tá sé in am agat trócaire a ḃeiṫ agat uirṫi, is deiṁin go dtáinig an t‑am ċuige. 14 Agus an fáṫ? De ḃrí gur cuiṁneaċ le do ṡeirḃísiġ a cloċa: agus gur trua leo a feiceáil ar lár. 15 Beiḋ eagla dʼAinm ar na págánaiġ, a Ṫiarna: agus eagla ar ríṫe uile an talaiṁ roiṁ do ṁórgaċtsa; 16 Nuair a atógfaiḋ an Tiarna Síón: agus a ṫaispeánfar a ġlóir; 17 Nuair a ċlaonfaiḋ sé ċuig urnaí na mboċt dealḃ: agus naċ boċt leis a n‑iarratas. 18 Cuirfear seo i scríḃinn le haġaiḋ a dtiocfaiḋ inár ndiaiḋ: agus beiḋ a dtiocfaiḋ ar an saol ag molaḋ an Tiarna. 19 Óir dʼḟéaċ sé anuas as a ṡanctóir: dʼaṁarc an Tiarna ó neaṁ ar an talaṁ. 20 Go n‑éistfeaḋ sé le gearán luċt na broide: agus go ḃfuasclóḋ sé an dream dá ḃfuil an bás i ndán; 21 Go ḃfoilsí siad Ainm an Tiarna i Síón: agus a ċlú in Iarúsalem; 22 Nuair a ċruinneofar na ciníoċa: agus na ríoċta, ionas go ndéana siad seirḃís don Tiarna. 23 Ċloíġ sé mo neart ar mʼaistear: agus ġiorraiġ sé mo laeṫanta. 24 Aċ dúirt mé, A Ḋia liom, ná fuadaiġ mé i lár mo ṡaoil: agus a rá go maireann do ḃlianta ar feaḋ na n‑uile ġlún. 25 Is tú, a Ṫiarna, a ċuir bun an doṁain ar dtús: agus is saoṫar do láṁ iad na neaṁa. 26 Raċaiḋ siadsan ar neaṁní, aċ mairfiḋ tusa: éireoiḋ siad sean agus caite mar ḃall éadaiġ. 27 Agus cuirfiḋ tú uait iad mar ċuirfeá fallaing uait, agus tiocfaiḋ aṫrú orṫu: aċ bíonn tusa mar an gcéanna agus ní ṫeipfiḋ ar do ḃlianta. 28 Fanfaiḋ clann do ṡeirḃíseaċ: agus daingneofar seasaṁ a síl id aṁarc. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland