Psailm 101 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 101. Misericordiam et judicium. 1 An trócaire agus an breiṫiúnas is áḃar do mʼaṁrán: is duitse, a Ḋia, a ċanfaiḋ mé é. 2 Taḃair dom ḃeiṫ tuisceanaċ: faoi ṡlí na cráifeaċta. 3 Ca huair a ṫiocfaiḋ tú ċugam: siúlfaiḋ mé i mo ṫeaċ le croí gan ċlaon. 4 Ní ġlacfaiḋ mé droċḃeart idir láṁa; bíonn fuaṫ agam do ṗeacaí na míḋílseaċta: ní ḃfaiġiḋ a leiṫéid greim orm. 5 Imeoiḋ croí claon uaim: ní ċuirfiḋ mé aiṫne ar ḟear an oilc. 6 An té ḃíos ag iṫiomrá ar a ċoṁarsa os íseal: scriosfaiḋ mé an fear sin. 7 Fear na súl díomasaċ agus na hardintinne: ní ḟulaingeoiḋ mé é. 8 Bíonn mo ṡúile ar luċt dílseaċta na tíre: go mbí siad ar aontíos liom. 9 An té a ċaiṫeas a ḃeaṫa go cráifeaċ: is é a ḃeas mar ṡeirḃíseaċ agam. 10 Ní ċónóiḋ mealltóir i mo ṫeaċ: ná ní ḟanfaiḋ an bréagaire ar mʼaṁarc. 11 Is gairid go scriosfaiḋ mé daoine míċráifeaċa na tíre: go gcuire mé ar ceal luċt cleaċtaiṫe na ndroċġníoṁarṫa ó ċaṫair an Tiarna. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland