Psailm 100 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 100. Jubilate Deo. 1 Bíoḋ áṫas oraiḃ roiṁ an Tiarna, a ṫíorṫa uile: déanaigí seirḃís don Tiarna le lúċáir, agus tagaigí ina láṫair le haṁrán. 2 Bígí deiṁin de gurb é an Tiarna is Dia ann: is leis‑sean agus ní linn féin a cumaḋ sinn; is sinne a ṗobal, agus caoiriġ a ṗáirce. 3 Siúlaigí isteaċ ar a ġeataí le haltú, agus isteaċ ina ċúirteanna le molaḋ: bígí buíoċ de, agus beannaígí a Ainm. 4 Óir is maiṫ é an Tiarna, is síoraí a ṫrócaire: agus maireann a ḟírinne ó ġlúin go glúin. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland