Psailm 10 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 10. Ut quid. Domine? 1 Cad ċuige a seasann tú i ḃfad uainn, a Ṫiarna: cad ċuige a gceileann tú do ġnúis in am an riaċtanais agus an ḃuarṫa? 2 Cuireann luċt an oilc géarleanúint ar na boċta mar is mian leo: ceaptar iad sa ḃfeallḃeart a ċumadar. 3 Óir ċuaiġ an droċḋuine ag maíoṁ as mian a ċroí: agus molann sé an duine santaċ, a mbíonn fuaṫ ag Dia air. 4 Bíonn an droċḋuine ċoṁ huaiḃreaċ sin, naċ mbíonn aird aige ar Ḋia: níl aon smaoineaṁ ar Ḋia ina ċeann. 5 Is niṁneaċ de ṡíor a ṡlite: bíonn do ḃreiṫiúnas i ḃfad as aṁarc os a ċionn, agus dá ḃrí sin cuireann sé dúṡlán a naiṁde. 6 Óir dúirt sé ina intinn féin, Is cuma liom, ní ċuirfear de mo ċosa mé ċoíċe: ní ḃeiḋ caill ar biṫ orm. 7 Bíonn a ḃéal lán de ṁallaċtaí, de ḃréaga agus de ṁealltóireaċt: bíonn an éagráifeaċt agus an díoṁaointeas faoina ṫeanga. 8 Suíonn sé i ḃfolaċ mar ġadaí i gcúil na sráideanna: agus dúnṁaraíonn an neaṁċiontaċ os íseal ina ċró ḟolaiṫe; bíonn sé ag faire na faille ar an mboċtán. 9 Óir fanann sé i luíoċán, fanann sé faoi ċeilt mar leon ina uaiṁ: go gcreaċa sé an duine boċt. 10 Cuireann sé an ċreaċ ar an duine boċt: nuair a ġaḃann sé ina líon é. 11 Caiṫeann sé é féin síos, agus uṁlaíonn sé é féin: go dtite slua na mboċt i láṁa a ċeannurraí. 12 Dúirt sé ina intinn féin, Is cuma, rinne Dia dearmad air: tá sé ag folaċ a ġnúise, agus ní ḟeicfiḋ sé ċoíċe é. 13 Éiriġ, a Ṫiarna Dia, tóg do láṁ: nárḃ iad do ḋearmad iad na boċta. 14 Cad ċuige a gcuirfeaḋ an droċḋuine masla ar Ḋia: agus é á rá ina intinn féin, Is cuma liom, is cuma leat a Ḋia ina ṫaoḃ. 15 Naċ cinnte go ḃfaca tú é: de ḃrí go n‑aṁarcann tú ar an éagóir agus ar an diansmaċt; 16 Ionas go nglacfá an ċúis idir láṁa: cuireann an boċtán é féin ar do ċoimirce; ós tú cúntóir an té atá gan ċara. 17 Bris cuṁaċt luċt an oilc agus an droċ‑ċroí: bíoḋ a n‑urċóid á scrúdú agat, go naċ raiḃ fuílleaċ ann. 18 Is é an Tiarna is Rí go saol na saol: agus dʼéag na págánaiġ as an tír. 19 A Ṫiarna, ċuala tú aċainíoċa na mboċt: tógann tú a gcroí, agus tugann tú cluas dóiḃ. 20 Lena gceart a ṫaḃairt don dílleaċta agus don dearóil: ionas naċ n‑éireoḋ an duine talṁaí ina n‑éadan. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland