Psailm 1 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 1. Beatus vir, qui non abiit. 1 Is beannaiṫe an fear nár ṡiúil ar ċoṁairle luċt an oilc, agus nár ṡeas i slí na bpeacaċ: nár ṡuiġ i gcaṫaoir na dtarcaisneoirí. 2 Aċ is é dlí an Tiarna a aoiḃneas: agus beiḋ sé ag meaḃrú ar a ḋlí lá agus oíċe. 3 Agus beiḋ sé mar ċrann atá curṫa ar ḃruaċ an uisce: a ṫaḃarfaiḋ a ṫoraḋ go tráṫúil. 4 Ní ċríonfaiḋ a ḋuilleog: agus féaċ, níl ní dá ndéanfaiḋ sé naċ mbeiḋ raṫ air. 5 Aċ i dtaoḃ luċt an oilc, ní haṁlaiḋ dóiḃ: bíonn siadsan mar an gcáiṫ, a ḃíonn á scaipeaḋ ag an ngaoṫ de ḋroim an talaiṁ. 6 Dá ḃrí sin ní ḟéadfaiḋ luċt an oilc seasaṁ sa ḃreiṫiúnas: ná na peacaiġ i gcoṁṫionól na ḃfíréan. 7 Aċ is aiṫnid don Tiarna slí na ḃfíréan: agus raċaiḋ a slí amú ar luċt an oilc. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland