Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Roṁánaċ 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól seirḃíseaċ Íosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐a abstal, do cuireaḋ ar leiṫ le h‐aġaiḋ soiscéil Dé,

2 do ġeall sé roiṁ ré tré n‐a ḟáiḋiḃ ins na scrioptúiriḃ naoṁṫa,

3 i dtaoḃ a Ṁic Íosa, do geineaḋ de ṡiol Dáiḃí do réir na feola,

4 do dearḃuiġeaḋ ḃeiṫ ’n‐a Ṁac do Ḋia le cuṁaċt do réir spioraid na naoṁṫaċta, tré aiséirġe ó na marḃaiḃ; Íosa Críost ár dTiġearna,

5 tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,

6 ar son a ainme‐sean; agus do glaoḋaḋ siḃ‐se, leis, ’n‐a measc,

7 mar ḋaoine le h‐Íosa Críost; ċugaiḃ‐se uile atá san Róiṁ, ionṁain le Dia, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur naoṁaiḃ, Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.

8 Ar dtús, do‐ḃeirim buiḋeaċas dom’ Ḋia tré Íosa Críost ar ḃur son‐sa uile, de ḃriġ go ḃfuil tuairisc ḃur gcreidiṁ scaipṫe ar fud an doṁain ar fad.

9 Óir atá Dia mar ḟiaḋnaiḋe agam, Dia d’á ndéanaim seirḃís im’ spiorad i soiscéal a Ṁic, go mbím gan stad g‐ḃur luaḋ,

10 g‐á iarraiḋ air de ṡíor im’ urnaiġṫiḃ, dá mb’ ḟéidir é, go réiḋteoċar bealaċ dom anois fá ḋeireaḋ, ar ċuma éigin, le toil Dé, ċum teaċt ċugaiḃ.

11 Óir is mian liom go mór siḃ d’ḟeicsin, ionnas go roinnfinn tíoḋlacaḋ spioradálta éigin liḃ, ċum go neartóċar siḃ;

12 is é sin go ḃfaiġmíd neart i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus mé ’n‐ḃur measc, gaċ duine againn de ḃárr creidiṁ a ċéile, ḃur gcreideaṁ‐sa agus mo ċreideaṁ féin.

13 Agus, a ḃráiṫre, níor ṁian liom gan a ḟios ḃeiṫ agaiḃ gur minic do ċuireas róṁam teaċt ċugaiḃ (aċt do cuireaḋ cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéaḋ toraḋ éigin agam de ḃárr mo ṡaoṫair ’n‐ḃur measc, fá mar ḃí agam i measc na gCineaḋaċ eile.

14 Táim fá ċomaoin ag Gréagaċaiḃ agus ag Barbaraċaiḃ, ag luċt céille agus ag luċt diṫ‐céille.

15 Ar an aḋḃar sin, im’ ṫaoḃ‐sa ḋe, atá fonn orm an soiscéal do ṡeanmóiriú daoiḃ‐se atá san Róiṁ, leis.

16 Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.

17 Óir is ann foillsiġtear fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ ċum creidiṁ: mar tá scríoḃṫa, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan.

18 Óir foillsiġtear díḃeirg Dé ó neaṁ i n‐aġaiḋ gaċ aindiaḋaċta agus i n‐aġaiḋ gaċ éigcirt daoine ċoisceas an ḟírinne leis an éigceart;

19 óir is léir dóiḃ gaċ eolas ar Ḋia atá le fáġáil; mar rinne Dia soiléir dóiḃ é.

20 Óir ó cruṫuiġeaḋ an doṁan atá a ṫréiṫe do‐ḟeicsiona, is iad sin a ċuṁaċt síorraiḋe agus a ḋiaḋaċt, tá siad go soiléir le feicsin agus le tuigsin;

21 ar ṁoḋ go ḃfuilid gan leiṫscéal: de ḃriġ, nuair ḃí eolas aca ar Ḋia, naċ dtugadar glóir dó mar Ḋia, ná naċ dtugadar buiḋeaċas dó; act gur éiriġeadar baoṫ n‐a smaointiḃ; agus gur dorċuiġeaḋ a gcroiḋeaċa diṫ‐céilliḋe.

22 Ag maoiḋeaṁ as a n‐eagna ḋóiḃ do‐rinneaḋ amadáin díoḃ,

23 agus d’aṫruiġeadar glóir Dé neaṁ‐ṫruailliḋe i gcosaṁlaċt íoṁáiġe duine ṡo‐ṫruailliġṫe, agus i gcosaṁlaċt éanaċa, agus ainṁiḋṫe ceaṫair‐ċosaċ, agus piastaí.

24 Ar an aḋḃar sin do leig Dia le droċ‐ṁiantaiḃ neaṁ‐ġlana a gcroiḋeaċa féin iad; ċum a gcuirp féin d’easonórú eadorṫa féin:

25 mar d’aṫruiġeadar fírinne Dé ’n‐a bréig, ag déanaṁ aḋarṫa agus seirḃíse do’n niḋ do cruṫuiġeaḋ ṫar an gCruṫuiġṫeóir, an té atá beannuiġṫe go deo. Amén.

26 D’á ḃriġ sin leig Dia le h‐ainṁiantaiḃ déisteannaċa iad: óir d’aṫruiġ a mná an gnás atá de réir nádúire, ag cleaċtaḋ gnáis atá i gcoinniḃ nádúire:

27 na fir, mar an gcéadna, ag tréigean gnáṫ‐úsáide na mná, do lasadar le h‐ainṁiantaiḃ d’á ċéile, fir ag cleaċtaḋ gníoṁarṫa úr‐ġránna le fearaiḃ, go ḃfuaradar ionnta féin an cúiteaṁ do ḃí tuillte aca i n‐éiric a gcuirpṫeaċta.

28 Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;

29 do líonaḋ iad d’olcas, de ċuirpṫeaċt, de ṡainnt, de ṁailís; do ḃíodar lán d’ḟormad, de ḋúnṁarḃaḋ, d’aċrann, de ċeilg, de ḋroċ‐rún;

30 luċt bíodáin, luċt cúl‐ċainnte, luċt gránna le Dia, tarcuisneaċ, uaiḃreaċ, blaḋmannaċ, luċt ceapṫa olcais, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ,

31 daoine gan tuigsin, neaṁċoinġeallaċ, gan croiḋe nádúrṫa, míoṫrócaireaċ:

32 daoine, giḋ gur ab eol dóiḃ breiṫ Dé, is é sin go dtuilleann a leiṫéidí bás, ní h‐é aṁáin go ndéanann siad féin iad, aċt go n‐aon‐tuiġeann siad leis an dream do‐ġní iad.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ