Iudais 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Iúdás, seirḃíseaċ Íosa Críost, agus dearḃráṫair Ṡéamais, ċum na ndaoine fuair gairm, atá i ngráḋ Dé an tAṫair, agus atá d’á gcuṁdaċ le h‐aġaiḋ Íosa Críost: 2 Go méaduiġtear trócaire, síoṫċáin agus gráḋ ḋaoiḃ. 3 A ċáirde ionṁaine, ó ṫárla go raiḃ fonn mór orm scríoḃaḋ ċugaiḃ i dtaoḃ ár slánuiġṫe ċóṁ‐ċoitċinn, is é do ḃí ’gam’ spreagaḋ a ṁeas go raiḃ sé de ḋualgas orm scríoḃaḋ ċugaiḃ g’á impiḋe oraiḃ an creideaṁ tugaḋ aon uair aṁáin do na naoṁaiḃ do ċosaint go daingean. 4 Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin. 5 Is mian liom anois a ċur i gcuiṁne ḋaoiḃ, bíoḋ go ḃfuil lán‐eolas agaiḃ ar na neiṫiḃ seo ar fad, gur ṡaor an Tiġearna pobal as tír na hÉigipite aon uair aṁáin, aċt gur scrios sé ’n‐a ḋiaiḋ sin iad‐san nár ċreid. 6 Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár ċoiṁeád a ngradam féin, aċt do tréig a n‐áitreaḃ, atáid d’á gcongḃáil fá ṡlaḃraiḃ síorraiḋe, i ndorċadas, fá ċóṁair breiṫeaṁnas an lae ṁóir. 7 Sodam agus Gomorra, agus na caṫraċa ’n‐a dtimċeall, mar an gcéadna, do lean de striapaċas agus de ċuirpṫeaċt ṁí‐nádúrṫa, tugaḋ iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineaḋ síorraiḋe. 8 Aċt ċeana, saluiġeann siad so an ċolann le n‐a n‐aislingiḃ, agus ġníonn siad beag‐is‐fiú de ṫiġearnas, agus masluiġeann siad an sluaġ glórṁar. 9 Aċt Miċeál árd‐aingeal, ag conspóid leis an diaḃal dó, ag aiġneas fá ċorp Ṁaoise, níor láṁ sé a ċúisiú go masluiġṫeaċ, aċt aduḃairt, Go smaċtuiġiḋ an Tiġearna ṫú. 10 Aċt laḃrann an dream so go masluiġṫeaċ i dtaoḃ neiṫe naċ ḃfuil aon eolas aca orṫa: agus na neiṫe go ḃfuil eolas ó ḋúṫċas aca orṫa, truailliġeann siad féin ionnta ar nós ainṁiḋṫe gan réasún. 11 Mairg dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċuadar ar mearḃall ar nós Ḃaláaim ar son tuarastail, agus do cailleaḋ iad i méirleaċas Ċóré. 12 Atáid mar ḃéaḋ cairrgeaċa foluiġṫe ’n‐ḃur ḃfleaḋannaiḃ gráḋa, ag iṫe go craosaċ, mí‐náireaċ ’n‐ḃur gcuiḃreann, ag taḃairt aire ḋóiḃ féin aṁáin; néallta gan uisce d’á scuabaḋ le gaoṫaiḃ; crainn fóġṁair gan toraḋ, atá marḃ fá ḋó, do tarraingeaḋ as a ḃfréaṁaiḃ; 13 garḃ‐ṫonna fairrge, ag brúċtaḋ a náire féin amaċ; réaltana seaċránaċa go ḃfuil dorċaċt an duiḃeaċain fá n‐a gcóṁair go deoiḋ. 14 Is d’á leiṫéidiḃ sin do rinne Énoċ, duine de’n seaċtṁaḋ glún ó Áḋaṁ, tarngaireaċt, g‐á ráḋ, Féaċ, atá an Tiġearna tagṫa leis na míltiḃ móra d’á naoṁaiḃ, 15 ċum breiṫeaṁnas do ḋéanaṁ ar ċáċ, agus ċum na daoine neiṁ‐ḋiaḋa do ḋaoraḋ i n‐éiric na ngníoṁarṫa neiṁ‐ḋiaḋa atá déanta go neiṁ‐ḋiaḋa aca, agus ar son na ḃfocal masluiġṫeaċ atá ráiḋte ag peacaċaiḃ neiṁ‐ḋiaḋa ’n‐a aġaiḋ. 16 Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin. 17 Aċt, a ċáirde ionṁaine, biḋiḋ‐se ag cuiṁneaṁ ar na briaṫraiḃ do laḃair abstail ár dTiġearna Íosa Críost roiṁe seo; 18 cionnas mar aduḃradar liḃ, Ins an aimsir ḋeireannaiġ béiḋ luċt magaiḋ ann, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta neiṁ‐ḋiaḋa féin. 19 Is iad‐san do‐ġní deaġailte iad, dream colnaiḋe, gan an Spiorad ḃeiṫ aca. 20 Aċt, a ċáirde, tógaiḋ siḃ féin ar ḃun ḃur gcreidiṁ ṡár‐naoṁṫa, ag urnaiġe san Spiorad Naoṁ, 21 agus congḃuiġiḋ siḃ féin i ngráḋ Dé, ag súil le trócaire ár dTiġearna Íosa Críost ċum na beaṫaḋ marṫannaiġe. 22 Déanaiḋ trócaire ar ċuid de na daoiniḃ atá ioir ḋá ċóṁairle; 23 saoraiḋ cuid eile, g‐á dtarrang as an teiniḋ; agus déanaiḋ trócaire ar ċuid eile le h‐eagla; ag taḃairt fuaṫa do’n éadaċ féin atá saluiġṫe leis an gcolainn. 24 Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó ḃur gcongḃáil slán ó ṫuisleaḋ, agus ḃur gcur i láṫair a ġlóire gan smál, 25 lán de ġáirdeaċas, do’n Aon‐Dia aṁáin, ár Slánuiġṫeoir, tré Íosa Críost ár dTiġearna, dó‐san go raiḃ glóir, mórḋaċt, neart agus cuṁaċt, mar ḃí ariaṁ, mar tá anois, agus mar ḃéas go saoġal na saoġal, Amen. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society