Heṗesiánaċ 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, ċum na naoṁ atá i nEiféis, agus ċum luċt an ċreidiṁ i nÍosa Críost: 2 grása ḋaoiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. 3 Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, do ḃeannuiġ le gaċ beannaċt spioradálta sinn ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i gCríost: 4 fá mar ṫoġ sé sinne ann roiṁ ṫosaċ an doṁain, ċum go mbéimís naoṁṫa, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise i ngráḋ: 5 do réaṁ‐órduiġ sé sinn ċum ḃeiṫ ’n‐ár macaiḃ uċta ḋó féin tré Íosa Críost, do réir deaġ‐roġa a ṫola, 6 ċum clú glóire a ġrása, do ḃronn sé go saor orainn san Té n‐a ḃfuil a ġráḋ: 7 ’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ, 8 do réir saiḋḃris a ġrása, do roinn sé go líonṁar orainn san uile eagna agus tuigsin, 9 tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin, 10 ċum an uile niḋ do ċóṁċruinniú i gCríost, nuair ṫiocfaḋ na h‐aimseara ċum críċe, idir a ḃfuil ar neaṁ, agus a ḃfuil ar talaṁ. 11 Do rinneaḋ oiḋrí ḋínne ann, ar mbeiṫ ḋúinn réaṁórduiġṫe do réir rúin an té do‐ġní gaċ niḋ do réir cóṁairle a ṫola féin: 12 ċum go mairfimís ċum clú a ġlóire, sinne ba luaiṫe do ċuir ár ndóċas i gCríost: 13 ’n‐ar ċuir siḃse, leis, tar a éis daoiḃ briaṫar na fírinne do ċlos, soiscéal ár slánuiġṫe — an té ’n‐ar ċreideaḃar, agus gur cuireaḋ séala Spioraid Naoiṁ na geallaṁna oraiḃ, 14 atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oiḋreaċt, ċum sealḃaċas Dé d’ḟuascailt, ċum clú a glóire. 15 Ar an aḋḃar sin, ar gclos dom i dtaoḃ an ċreidiṁ atá agaiḃ san Tiġearna Íosa, agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa do na naoṁaiḃ go léir, 16 ní scuraim de ḃeiṫ ag breiṫ buiḋeaċais ar ḃur son, ag cuiṁneaṁ oraiḃ im’ urnaiġṫiḃ; 17 ċum go dtugaiḋ Dia ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta ḋaoiḃ i n‐eolas air: 18 ċum go soillseoċar súilí ḃur gcroiḋe, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cad é an dóċas ċum a ngoireann sé sinn, saiḋḃreas glóire a oiḋreaċta ins na naoṁaiḃ, 19 agus cad é móir‐ṁéid a ċuṁaċta ’n‐ár dtaoḃ‐na ċreideas, do réir mar oibriġeas briġ ṁór a ċumais, d’oibriġ sé i gCríost, 20 nuair do ṫóg sé ó na marḃaiḃ é, agus do ċuir sé ’n‐a ṡuiḋe é ar a láiṁ ḋeis féin ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa, 21 i ḃfad os cionn gaċ tiġearnais, agus uġdaráis agus cuṁaċta, agus os cionn gaċ ainme ainmniġtear, ní h‐é aṁáin san tsaoġal so, 22 aċt san tsaoġal atá le teaċt: agus do ċuir sé gaċ uile niḋ fá n‐a ċosaiḃ, agus ṫug sé ḋó ḃeiṫ mar ċeann ṫar cáċ ar an eaglais, 23 gur ab í a ċorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society