Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Ccolossianaċ 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost de ṫoil Dé, agus Timóteus bráṫair,

2 ċum na naoṁ agus ċum na mbráṫar dílis i gCríost atá i gColossae, grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair.

3 Do‐ḃeirimíd buiḋeaċas le Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, ag guiḋe i gcóṁnaiḋe ar ḃur son,

4 ó ċualamar tráċt ar ḃur gcreideaṁ i nÍosa Críost, agus ar an ngráḋ atá agaiḃ do na naoṁaiḃ go léir,

5 as uċt an dóċais atá i dtaisce ’n‐ḃur gcóṁair ins na flaiṫeasaiḃ, go gcualaḃar tuairisc ’n‐a ṫaoḃ roiṁe seo i mbriaṫar fírinne an tsoiscéil,

6 ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;

7 mar d’ḟoġlaim siḃ ó Epafras, ár gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ ionṁain, atá ’n‐a ṁinistir dílis do Ċríost ar ár son,

8 agus do ċuir ḃur ngráḋ san Spiorad i dtuigsin dúinn.

9 Ar an aḋḃar sin, ó’n lá n‐a gcualamar scéala ’n‐a ṫaoḃ, ní scuraimíd de ḃeiṫ ag déanaṁ urnaiġṫe ar ḃur son, agus g‐á iarraiḋ go líonfar siḃ d’eolas a ṫola san uile eagnaiḋeaċt agus tuigsin spioradálta,

10 ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;

11 siḃ daingniġṫe le gaċ neart tré ċuṁaċt a ġlóire, nó go raiḃ siḃ lán‐ḟoiḋneaċ, fad‐ḟulaingeaċ le h‐áṫas;

12 ag breiṫ buiḋeaċais leis an Aṫair, do rinne sinn oireaṁnaċ ċum ḃeiṫ rannṗáirteaċ i n‐oiḋreaċt na naoṁ san tsolas.

13 D’ḟuascail sé ó ċuṁaċt an dorċadáis sinn, agus d’aistriġ sé go ríoġaċt a Ṁic ionṁain féin sinn;

14 an té ’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaiḋe.

15 Is é íoṁáiġ an Dé ḋo‐ḟeicsiona é, céid‐ġein gaċ ar cruṫuiġeaḋ;

16 óir is ann do cruṫuiġeaḋ gaċ niḋ d’á ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ, idir neiṫe so‐ḟeicsiona agus neiṫe doḟeicsiona, cia aca riġ‐ċaṫaoireaċa, nó tiġearnaisí, nó flaiṫeasa, nó cuṁaċta iad: is tríd‐sean agus ċuige‐sean do cruṫuiġeaḋ iad go léir;

17 agus atá sé féin roiṁ an uile niḋ, agus is tríd‐sean ḋlúṫuiġeas siad le ċéile.

18 Agus is é ceann an ċuirp é, is é sin ceann na h‐eaglaise: is é an príoṁ‐ṫús é, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ; ċum go mbéaḋ an t‐árd‐ġradam aige san uile niḋ.

19 Óir ba é toil an Aṫar go ndéanfaḋ an iomláine ar fad cóṁnaiḋe ann;

20 agus ba toil leis gaċ uile niḋ do réiḋteaċ leis féin tríd, idir neiṫe atá ar talaṁ agus neiṫe atá ar neaṁ; ag déanaṁ síoṫċána tré ḟuil a ċroise.

21 Agus siḃ‐se do ḃí lá de’n traoġal ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ agus ’n‐ḃur náiṁdiḃ ’n‐ḃur n‐aigne de ḋeascaiḃ ḃur ndroċ‐ġníoṁarṫa, atá

22 siḃ réiḋtiġṫe leis anois tré ċorp a ḟeola de ḃárr an ḃáis, ċum siḃ do ṫaḃairt naoṁṫa, gan loċt, gan cionnta ’n‐a ḟiaḋnaise,

23 aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.

24 Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,

25 is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnaḋ ministir díom, do réir an ċúraim do ċuir Dia orm ar ḃur son, ċum briaṫar Dé do ċóiṁlíonaḋ go h‐iomlán,

26 an rúindiaṁair d’ḟan fá ċeilt ar gaċ aois agus ar gaċ geinealaċ, aċt atá noċtṫa anois d’á naoṁaiḃ;

27 d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.

28 Is eisean ḟoillsiġmíd, ag spreagaḋ gaċ uile ḋuine, ċum gaċ uile ḋuine do ṫaḃairt iomlán i gCríost.

29 Ċuige sin is eaḋ atáim ag obair ar mo ḋíċeall, ag spairn do réir a ċumair oibriġeas go cuṁaċtaċ ionnam.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ