Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

3 Eoin 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 An seanóir ċum Gáius ionṁain, d’á ḃfuil gráḋ agam san ḃfírinne.

2 A ċara ionṁain, is é mo ġuiḋe go n‐éiriġiḋ leat ar gaċ sliġe agus go raiḃ deaġ‐ṡláinte agat, do réir na sláinte atá ag t’anam.

3 Is mór an gáirdeaċas do ḃí orm nuair ṫáinig na bráiṫre ċugam ag taḃairt fiaḋnaise leo ar an ḃfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siuḃal san ḃfírinne.

4 Ní mó an gáirdeaċas ḃíos orm ’ná a ċlos go ḃfuil mo ċlánn ag siuḃal san ḃfírinne.

5 A ċara ionṁain, is creideaṁnaċ an méid atá d’á ḋéanaṁ agat ar son na mbráṫar agus ar son na ndeoraiḋe, leis.

6 Ṫugadar‐san fiaḋnaise ar do ġráḋ i láṫair na h‐eaglaise; agus ba ṁaiṫ a ṁaise ḋuit congnaṁ do ṫaḃairt dóiḃ ar a n‐aistear ar ṡliġe dob’ ḟiú Dia é;

7 óir is ar son an Ainme d’imṫiġeadar gan éinniḋ do ġlacaḋ ó na Cineaḋaċaiḃ.

8 Uime sin ba ċeart fáilte do ċur roiṁ a leiṫéidiḃ, ċum go mbéimís ’n‐ár gcóṁ‐oibriġṫeoiriḃ leis an ḃfírinne.

9 Do scríoḃas ċum na h‐eaglaise, aċt Díotrefés, gur mian leis ḃeiṫ ar tosaċ ’n‐a measc, ní ġlacann sé linn.

10 D’á ḃriġ sin, má ṫagaim, cuirfead i gcuiṁin dó na gníoṁarṫa atá d’á ndéanaṁ aige, ag laḃairt ’n‐ḃur n‐aġaiḋ as cainnt ṁailísiġ: agus ní n‐é aṁáin sin é, aċt ní ġlacann sé féin na bráiṫre ċuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a ḋéanaṁ, agus caiṫeann sé as an eaglais amaċ iad.

11 A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.

12 Atá deaġ‐ṫeist ag cáċ agus ag an ḃfírinne féin ar Ḋémetrius; agus do‐ḃeirimíd féin fiaḋnaise, leis; agus atá a ḟios agat gur fíor í ár ḃfiaḋnaise.

13 Is mór a lán do ḃí agam le scríoḃaḋ ċugat, aċt níorḃ áil liom é do scríoḃaḋ ċugat le duḃaċ agus le peann:

14 aċt atá súil agam go ḃfeicfead gan ṁoill ṫú, agus laḃarfaimíd béal le béal le ċéile. Go raiḃ síoṫċáin leat. Beannuiġeann na cáirde ḋuit. Beannuiġ do na cáirdiḃ as a n‐ainmneaċaiḃ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ