2 Peadar 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost: 2 Go méaduiġtear grása agus sioṫċáin daoiḃ tré eolas Dé agus Íosa ár dTiġearna: 3 ó tárla gur ḃronn a ċuṁaċt diaḋa gaċ éinniḋ atá riaċtanaċ do’n ḃeaṫaiḋ agus do’n diaḋaċt orainn, tré eolas an té do ġlaoḋ tré n‐a ġlóir agus tré n‐a ṡuḃáilce féin sinn; 4 tré n‐ar ḃronn sé orainn geallaṁnaċa an‐ṁóra, sár‐luaċṁara; ċum go mbéaḋ siḃ rannṗáirteaċ san nádúir ḋiaḋa d’á mbárr, tar a éis daoiḃ teaċt saor ó’n truailliú atá san tsaoġal tré ainṁiantaiḃ. 5 Ar an aḋḃar seo féin déanaiḋ lán ḃur ndíċill, agus cuiriḋ suḃáilce le n‐ḃur gcreideaṁ; 6 agus eolas le suḃáilce; agus measarḋaċt le h‐eolas; agus foiḋne le measarḋaċt; 7 agus diaḋaċt le foiḋne; agus gráḋ bráṫarḋa le diaḋaċt; agus caon‐ċarṫannaċt le gráḋ bráṫarḋa. 8 Óir má ḃíonn na tréiṫe seo go líonṁar ionnaiḃ, ní leigfiḋ siad daoiḃ ḃeiṫ leisceaṁail, gan toraḋ, ċum eolas d’ḟáġáil ar ár dTiġearna Íosa Críost. 9 Óir an té go ḃfuil na neiṫe seo i n‐easnaṁ air, atá sé gearr‐raḋarcaċ; ní ḟeiceann sé éinniḋ naċ ḃfuil i ngar dó, agus atá sé g‐á ḋearmad gur glanaḋ é ó na ṡean‐ṗeacaiḋiḃ. 10 D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe: 11 óir is mar sin do‐ḃéarfar daoiḃ sliġe ḟairsing isteaċ i ríoġaċt ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. 12 Ar an aḋḃar sin leanfad‐sa i gcóṁnaiḋe de ḃeiṫ ag cur na neiṫe seo i gcuiṁne ḋaoiḃ, bíoḋ go ḃfuil eolas agaiḃ orṫa, agus go ḃfuil siḃ suiḋte go daingean san ḃfírinne atá anois ann. 13 Agus measaim gur ceart dom, a ḟad is táim san mboiṫ seo, ḃeiṫ ag aṫ‐ḃrostú ḃur gcuiṁne: 14 agus a ḟios agam gur gairid dom an t‐am ’n‐a scarfad leis an mboiṫ seo agam, fá mar tá foillsiġṫe ag ár Slánuiġṫeoir Íosa Críost dom. 15 Aċt déanfad gaċ iarraċt ċum go mbéiḋ ar ċumas daoiḃ, tar éis imṫeaċt dom, ḃeiṫ ag aṫċuiṁneaṁ ar na neiṫiḃ seo. 16 Óir ní finn‐scéalta fiġte go cliste do leanamar nuair ċuireamar i ḃfios daoiḃ cuṁaċt agus teaċt ár dTiġearna Íosa Críost, aċt is aṁlaiḋ ċonnacamar a ṁórḋaċt le n‐ár súiliḃ féin. 17 Óir fuair sé onóir agus glóir ó Ḋia an tAṫair, go dtáinig an guṫ ċuige as lár na glóire mór‐ṫaiḋḃsiġe, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas: 18 agus do ċualamar féin an guṫ so ag teaċt as na flaiṫeasaiḃ, agus sinn i n‐éinḟeaċt leis ar an sliaḃ beannuiġṫe. 19 Agus atá briaṫar na tarngaire níos daingne go mór againn; agus ba ċeart daoiḃ aire do ṫaḃairt dó, mar ṫiuḃraḋ siḃ do lóċrann ag soillsiú i n‐áit dorċa, nó go ngealaiḋ an lá, agus go n‐éiriġiḋ réalta na maidne ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ: 20 agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, tar gaċ niḋ eile, naċ gceaduiġtear d’aon duine tarngaire ar biṫ d’á ḃfuil san scrioptúir a ṁíniú as a stuaim féin. 21 Óir ní ḋe ḋeoin an duine féin ṫáinig aon tarngaire ariaṁ: aċt is aṁlaiḋ do laḃair daoine do cuireaḋ ó Ḋia, agus an Spiorad Naoṁ g‐á ngluaiseaċt. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society