2 Eoin 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 An seanóir ċum na baintiġearna toġṫa agus ċum a clainne, go ḃfuil gráḋ agam dóiḃ san ḃfírinne; agus ní h‐agam‐sa aṁáin, aċt ag na daoiniḃ uile go ḃfuil eolas ar an ḃfírinne aca; 2 as uċt na fírinne ċóṁnuiġeas ionnainn, agus ḃéas linn go síorraiḋe. 3 Béiḋ grása, trócaire agus síoṫċáin linn ó Ḋia an tAṫair, agus ó Íosa Críost, Mac an Aṫar, san ḃfírinne agus san ngráḋ. 4 Ba ṁór an gáirdeaċas do ċuir sé orm cuid ded’ ċlainn d’ḟáġáil ag siuḃal san ḃfírinne, do réir na h‐aiṫne fuaramar ó’n Aṫair. 5 Agus impiḋim ort anois, a ḃaintiġearna, ní mar ḃéinn ag scríoḃaḋ aiṫne nuaiḋe ċugat, aċt an aiṫne do ḃí ó ṫús againn, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile. 6 Agus is é is gráḋ ann, siuḃal do réir a aiṫeanta. Is í seo an aiṫne, mar ċualaḃar ó ṫús, gur dual daoiḃ siuḃal d’á réir. 7 Óir atá a lán mealltóir imṫiġṫe amaċ san tsaoġal, naċ n‐adṁuiġeann Íosa Críost ṫáinig san gcolainn. Atá a leiṫéid seo ’n‐a ṁealltóir agus ’n‐a ainċríost. 8 Biḋiḋ ar ḃur n‐aire ċum naċ gcaillfiḋ siḃ a ḃfuil saoṫruiġṫe agaiḃ, aċt go ḃfaiġiḋ siḃ lán‐luaċ saoṫair. 9 Cibé duine ṫéiġeas ceann ar aġaiḋ agus naċ gcóṁnuiġeann i dteagasc Ċríost, ní ḟuil Dia aige: cibé duine ċóṁnuiġeas san teagasc sin atá an tAṫair agus an Mac aige. 10 Má ṫig aoinneaċ ċugaiḃ gan an teagasc so do ṫaḃairt leis, ná glacaiḋ isteaċ ’n‐ḃur dtiġ é, agus ná beannuiġiḋ ḋó: 11 óir an té ḃeannuiġeas dó atá sé páirteaċ ’n‐a ḋroċ‐ġníoṁarṫaiḃ. 12 Is mór a lán do ḃéaḋ agam le scríoḃaḋ ċugaiḃ, aċt níorḃ áil liom é do scríoḃaḋ le páipéar agus le duḃaċ; aċt atá súil agam teaċt ċugaiḃ agus laḃairt liḃ béal le béal, ċum go mbéiḋ gáirdeaċas go h‐iomlán agaiḃ. 13 Beannuiġeann clann do ḋeirḃṡeaṫar toġṫa ḋuit. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society