Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Triaḃuin 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Cupan ṗeacaiḋ na ndaoine ar líonaḋ súas, 13 buḋ ċionfáṫ ar an ndiobráḋ.

1 Ciondus ṫáinic an tór ċum ḃeiṫ dorċa! cionndus do háṫruiġeaḋ an tór ro ḟínealta! do teilgeaḋ amaċ cloċa na sanctora a mullaċ gaċ áontsráide.

2 Mic ṁórluaiġ Sion, a ccoiṁmeas ré hór fínealta, ciondus atáid ar na meas aṁuil meadar críaḋ, obair an ṗotadóra!

3 Eaḋon tairngid na míolta móra an ċíoċ amaċ, do ḃeirid cíoċa dá nóguiḃ: atá inġean mo ḋaoinesi éattrócaireaċ, cosṁuil rís a nostric annsa ḃfásaċ.

4 Ceangluiḋ teanga naóiḋin na ccíoċ do ċarbad a ḃéil lé tart: íarruid an ċlann óg arán, agus ní ḃrisionn duine ar biṫ ċuca é.

5 An drong do ḃíaṫuiḋ go sóġaṁuil atáid áonránaċ annsna sráidiḃ: an luċt tugaḋ súas a scairléad gráḋuiġid síad na cárnáin aóiliġ.

6 Oír is mó péin éaigceart inġine mo ḋaóinesi na péin ṗeacaiḋ Ṡodom, noċ do díoṫlaiṫriuġaḋ a móment, agus nar ḟan láṁa ar biṫ uirre.

7 Do buḋ gloine a Nasarítiġ ná sneaċda, do buḋ gile íad ná bainne, do buḋ deirge a ccuirp ná rubíniḋ, do ḃí a míne mar ṡaṗir:

8 Is duiḃe a ngnúis ná gúal; ní haiṫeantar annsna sráidiḃ íad: ceangluiḋ a ccroicionn dá ccnáṁuiḃ; do ċríon sé, is cosṁuil é lé maide.

9 Is féarr an luċt marḃṫar leis an ccloiḋeaṁ ná an luċt marḃṫar leis an ngorta: óir seargaid, buáilte ṫríoṫa do ḋíṫ toruiḋ an ṁaċaire.

10 Do ḃruiṫ láṁa na mbán trúaġánta a cclann féin: buḋ íad a mbíaḋ a scrios inġine mo ḋaóinesi.

11 Do ċoiṁlíon an TIĠEARNA a ḋíḃḟearg; do ḋóirt sé amaċ a ḟearg ḃorb, agus do las sé teine ann Sion, agus do loisc sí a bunáite sin.

12 Ní ċreidfidis ríġṫe na talṁan, agus uile áitreaḃṫaċa an doṁuin, go raċaiḋ a neascara agus a náṁuid a steaċ a ngeataḋuiḃ Ierusalem.

13 Ar son ṗeacaḋ a fáġ, agus éigceart a sagart, noċ do ḋóirt fuil na ḃfíréun iona lár,

14 Do ṡeaċránadar aṁuil daóine dalla annsna sráidiḃ, do ṫruáilleadar íad féin lé fuil, iondus nar ḟéadadar daóine buáin re na néaduiġiḃ.

15 Déiġiodar orra, Imṫiġiḋsi; atá sí neaṁġlan; imṫiġiḋ, imṫiġiḋ, ná bainiḋ ríu: a nuáir do ṫeiṫeadar rompa agus do ṡeaċránadar, a duḃradar a measg na ngeinteaḋ, Ní ċoiṁneoċuid ní sa ṁó ann sin.

16 Do roinn fearg an TIĠEARNA íad; ní ċuirfiḋ sé suim ní sa ṁó ionta: ní raiḃ meas aca air ṗearsannuiḃ na sagart, ní raiḃ faḃar aca do na sinnsioruiḃ.

17 Air ar soinne, dfáilliġeadar ar súile fós far ccaḃair ḋioṁaóin: ann ar ḃfaire dfeiṫeamar air ċineaḋ nar ḟéad ar ttárṫail.

18 Lorgairid ar ccoiscéime, go naċ ḃféadmaoid siuḃal ann ar sráidiḃ: atá ar ccríoċ láiṁ rinn, do ċoiṁlíonaḋ ar laeṫe; óir ṫáinic ar ccríoċ.

19 Is luáiṫe ar ninġreamuiġ náid iolair neiṁe: dainleanadar síad sinn ar na sléiḃtiḃ, do ċuireadar luiġeaċán oruinn annsa ḃfásaċ.

20 Do gaḃaḋ ungṫaċ an TIĠEARNA, anál ar bpolláireaḋ, iona logaiḃ, noċ ré a nduḃramar, Faói na sgáile ṁairfiom a measg na ngeinteaḋ.

21 ¶ Gáirdiġ agus bíoḋ lúaṫġáir ort, a inġean Edom, noċ áitreaḃus a ḃfearann Us; raċuiḋ fós an cupán ṫairis ċugadsa: biáiḋ tú ar meisce, agus do ḋéana tú ṫú féin tárnoċd.

22 Do coiṁlíonaḋ pionós héigceirt, a inġean Ṡion; ní ḃéara sé ní sa ṁó ṫú a ndaoirsine: cuáirteoċa sé héigceart, a inġean Edom; foillseoċuiḋ sé do ṗeacuiḋe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ