Tituis 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I Móḋa na ndeaġ easbóg agus na seanóireaḋ; 12 re peacaḋ dúṫaiḋ na Gcrétánuiġ, in-imḋeargaḋ. 1 Pol, searḃḟoġantuiġ Dé, agus absdal Iosa Críosd, do réir ċreidiṁ ḋáoine ṫóġṫa Dé, agus adṁála na fírinne, noċ atá réir ḋíaġaċda; 2 Ċum muiniġne na beaṫa marṫanuiġe, noċ do ġeall Día, ris naċ féidir bréug a ḋéunaṁ, suil do crúṫuiġeaḋ an dóṁan; 3 Aċd do ḟoillsiġ sé a ḃríaṫar a nám iomċuḃaiḋ tré ṡeanmóir an tsoisgeil, do fágḃaḋ táoḃ riumsa do réir áiṫne De ar Slánaiġṫeóra; 4 Ċum Títuis, mo ṁac ionṁuin, do réir an ċréidiṁ ċoitċinn: Grása, trócaire, agus síoṫċáin ó Ḋía Aṫair agus ón Dtíġearna Iósa Críosd ar Slánaiġṫeóir. 5 A sé áḋḃar fár ḟág mé ṫú a Gcréta, ionnus go leanfá do ċéartuġaḋ na neiṫeann atá fós gan ċeartuġaḋ, agus go nóirdeóċa sagairt ann gaċ caṫair, do réir mar do aiṫin mé ḋiot: 6 Má atá neaċ ar biṫ neaṁloċdaċ, na ḟior éun ṁná, agá ḃfuil clann ionnruic, naċ féidir éiliuġaḋ fá neaṁmeasarrġaċd, na easúṁal. 7 Oír as cóir easbog do ḃeiṫ neaṁloċdaċ, mar ḟeaḋmantaċ Dé, gan ḃeiṫ ḋó ag ríoṫ réir a ṫóla féin, ná feargaċ, ná ró ḟonnṁar a ḃfíon, ná buáilteaċ, ná dúil do ḃeiṫ aige a néudáil neaṁġloin; 8 Aċd na ḟear tiġe áoiġeaḋ do ċongṁáil, gráḋaċ air ḋáóiniḃ maiṫe, na ḋuine aireaċ, ċoṁṫrom, náóṁṫa, ṁeasarrġa; 9 Ag comgṁáil na bréiṫre dísle go daingean do réir ṫeaguisg, ionnus go maḋ féidir léis teagusg do ṫaḃairt úaḋ maille ré foirceadal fallain agus an dream laḃrus na aġuiḋ do ḃréugnuġaḋ. 10 Oír atáid iomad do ḋáoiniḃ easúṁla ann laḃras go dioṁaoin agus na mealltóiriḋ, go háiriġe an luċd atá don timċillġearraḋ: 11 Dár ab éigean a mbéul do stopaḋ, dream ċuireas tiġṫe go huiliḋe fá ċéile, ag teagusg neiṫeann naċ cóir, do ġráḋ eudála néaṁġloine. 12 A duḃairt neaċ áiriġe ḋíoḃ féin, a ḃfáiḋ díleas féin, Bréugairiġ do ġnáṫ na Crétánuiġ, droċ ainṁinteaḋa, builg ḟallsa. 13 As fíor an ḟáiḋnuisese. Uime sin spreag íad go géur, ċum a mbeiṫ diongṁálta sa gcreideaṁ; 14 Agus gan aire do ṫaḃairt do sgéuluiḃ fáḃuill na Níuduiġeaḋ, agus daiṫeantuiḃ dáoineaḋ, atá ar niompóġ on ḃfírinne. 15 Atáid na huile neiṫe go deiṁin glan don druing atá glan: aċd don druing atá salaċ agus gan ċreideaṁ ni ḃfuil éinní glan; aċd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salaċ. 16 Adṁuiġid síad eólas do ḃeiṫ aca air Ḋía; giḋeaḋ séunuid a ngníoṁarṫuiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ aḋḟúaṫṁar, easúṁal, agus mearuiġṫe a dtáoḃ gaċ uile ḋéaġoibbre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society