Seċariah 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Faói ṗéarsa Iosua, ciallaiġṫear sáoraḋ na mpeacaċ. 1 Agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ Iosuah an tárdṡagart na ṡeasaṁ as coinne aingil an TIĠEARNA, agus Sátan na ṡeasaṁ ḋá láiṁ ḋeis ċum cur na aġaiḋ. 2 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Sátan, Go naiṫḃiriḋ an TIĠEARNA ṫú, a Ṡátan; eaḋon an TIĠEARNA do ṫoġ Ierusalem go nimḋearga sé ṫú: naċ aiṫinne so ar na ṫarruing as an tteine? 3 Anois do ḃí Iosuah éuduiġṫe le héadaċ salaċ, agus do ṡeas sé as coinne a naingil. 4 Agus do ḟreagair sé agus do laḃair ris an ndroing do ṡeas as a ċoinne, ag ráḋ, Beiriḋ liḃ na héaduiġe salċa úaḋ. Agus a duḃairt sé rision, Féuċ, ṫug mé air héigceart imṫeaċd uáit, agus éideoċa mé ṫú lé malairt culaiḋ. 5 Agus a duḃairt misi, Cuirdís bairrín breáḋa air a ċeann. Annsin do ċuireadar bairrín breáḋa air a ċeann, agus do éaduiġeadar é lé culaḋuiḃ. Agus do ṡeas aingiol an TIĠEARNA aca. 6 ¶ Agus do ḋearḃ aingiol an TIĠEARNA do Iosuah, ag raḋ, 7 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Má ṡiuḃluiġionn tú ann mo ṡliġṫiḃse, agus má ċoiṁéadann tú mo ċúram, annsin do ḋéana tú breiṫeaṁnus air mo ṫiġ, agus cuiṁdeoċa tú fós mo ċúirtionna, agus do ḃéara mé áite ḋuit do ṡiuḃal na measc só noċ ṡeasas láiṁ riot. 8 ¶ Eisd anois, a Iosuah a ardṡagairt, ṫú féin, agus do ċoimpánuiġ ṡuiġios as do ċoinne: óir is daóine da ndéantar iongnaḋ íad: óir, féuċ, do ḃéara misi amaċ mo ṡeirḃíseaċ, an BEANGAN. 9 Oír, féuċ an ċloċ do ċuir mé roiṁe Iosuah, béid seaċt súile air áonċloiċ: féuċ, greanfa mé a ġreantasan, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus áṫroċa mé éicceart na dúiċṫe sin a náonló. 10 Annsa ló sin, a deir TIĠEARNA na slóġ, goirfiḋe gaċ uile ḋuine aguiḃ a ċoṁarsa fáoi an ḃfíneaṁuin agus fáoi an ccrann fíge. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society