Seċariah 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Ata Día firinneaċ, toirḃeartaċ, iniarraiḋ ċuige, agus ni iad na hioḋail brionnaċ bréugaċ. 1 Iarruiḋsi air an TIĠEARNA fearṫuinn an am na fearṫanna deiġionuiġ: mar sin do ḋéana an TIĠEARNA néulla soillseaċ, agus do ḃéara sé ḋóiḃ ceaṫa fearṫanna, féur do gaċ áon annsa ṁaċaire. 2 Oír do laḃradar na hioḋail díoṁaóineas, agus do ċonncadar na fáistiniġ bréug, agus dinnsiodar aislingṫe neiṁḟírinneaċ; coṁḟurtaċiġid siád go díoṁáoin: uimesin dimṫiġeadar rompa aṁuil tréud, do ḃádar buáiḋearṫa, do ḃríġ naċ raiḃ áoḋaire ar bioṫ. 3 ¶ Do haḋnaḋ mfeargsa á naḋuiġ na náoḋaireaḋ, agus ṫug mé pionús do na gaḃruiḃ: óir dtiosruiġ TIĠEARNA na slóġ a ṫreud tiġ Iúdah, agus do rinne sé íad mar eaċ maiseaċ san ccaṫ. 4 As amaċ ṫáinic an coirnéul, as amaċ ṫáinic an tairnge, as amaċ an boġa caṫa, as amaċ a nuile ḟear sáruiġṫe a naóinḟeaċd. 5 Agus béid síad mar ḋaóiniḃ cuṁaċtaċa, noċ ṡaltras siós a naiṁde a laṫuiġ na sráideann annsa ċaṫ: agus troidfid síad, do ḃríġ go ḃfuil an TIĠEARNA maille ríu, agus náireoċṫar an drong do ní marcuiġeaċd air eaċaiḃ. 6 Agus nearteoċa misi tiġ Iúdah, agus sáorfa mé tiġ Ióseṗ, agus do ḃéara mé liom íad da suiġiuḋ; óir atá truáiġe agam ḋóiḃ: agus béid aṁuil naċ tteilgfinn uáim íad: óir is misi an TIĠEARNA a Ndía, agus éistfiḋ mé íad. 7 Agus biáiḋ Eṗraim aṁuil duine cumasaċ, agus gáirdeaċuiḋ a ccroiḋe aṁuil buḋ tré ḟíon: fós, do ċífid a cclann é, agus béid lúaṫġaireaċ; agus gáirdeoċuiḋ a ccroiḋe annsa TIĠEARNA. 8 Do ḋéana mé sméideaḋ orra, agus cruinneoċa mé íad; óir dtúascail mé íad: agus méideoċuid mar do ṁéaduiġeadar. 9 Agus síolċuirfe mé íad a measc an ṗóbail: agus cuiṁneoċuíd orum a ttiorṫaiḃ imċíana; agus mairfid gun a ccloinn, agus fillfid a rís. 10 Do ḃéara mé a rís íad as críċ na Hégipte, agus cruinneaċa mé as a Nassíria íad; agus do ḃéara mé íad go fearann Gílead agus Lebanon; agus ní ḃfuiġṫear ionad dóiḃ. 11 Agus raċa sé ṫríd an ḃfairge le haindeisi, agus búailfiḋ sé na tonna ann sa ḃfairge, agus tiormoċuid uile aigéin na sroṫann súas: agus béarṫar úaḃar na Hassíria síos, agus raċaiḋ an tslat ríoġa ó Négipt. 12 Agus nerteoċa misi íad annsa TIĠEARNA; agus siuḃoluid síos agus súas iona ainm, a deir an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society