Seanraite 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX. Impiḋe na heagna dá cloinn féin; 13 agus muirne na mná leiṁe dá daltaċaiḃ. 1 Do rinne a neagna a tiġ, do ġéarr sí amaċ a seaċt bpiléir: 2 Do ṁarḃ sí a féolṁaċ; do comaisc sí a fíon; do líon sí fós a bórd. 3 Do ċuir sí a maiġdiona amaċ: goiriḋ sí ar na háitiḃ is áirde san ċaṫraiḋ. 4 Giḋ bé atá simpliḋe, filleaḋ sé a steaċ annso: ar son an té air a mbí easḃuiḋ tuigsiona, a deir sí ris, 5 Tigiḋ, iṫiḋ dom aránsa, agus iḃiḋ do nfíon noċ do ċumaisg mé. 6 Tréigiḋ amadánaċd, agus mairiġ; agus imṫiġiḋ a sliġe na tuigsiona. 7 An té aiṫḃióras tarcuisneaċ do ġeiḃ sé naire ḋó féin: agus an té ċronuiġios droċḋuine do ġeiḃ sé toiḃeim ḋó féin. 8 Ná haiṫḃioruiġ tarcuisneaċ, deagla go ḃfúaṫoċaḋ sé ṫú: cronuiġ duine críonna, agus ġráiḋeoċuiḋ sé ṫú. 9 Taḃair teagasg do ḋuine ċríonna, agus biáiḋ sé níos críonna: múin duine ionnraic, agus méideoċaiḋ sé a nealaḋain. 10 Isé eagla an TIĠEARNA tosaċ na heagna: agus éolus na náoṁ is tuigse sin. 11 Oír is liomsa méideoċṫar do laéṫe, agus foirlíonfar blíaḋna do ṡáoġail. 12 Má ḃíonn tú críonna, biáiḋ tú críonna ḋuit féin: aċt má ṫarcuisniġionn tú, is tú féin aṁáin iomċoras é. 13 Bí an ḃean leaṁ garrḃuáiceaċ: atá sí simpliġe, agus gan fios éinneiṫe aice. 14 Oír suiġiḋ sí ag dorus a tiġe, ar ṡuiḋeaċán air áitiḃ árda na caiṫreaċ, 15 Do ġairm na ndaoine ġaḃas táirsi go díreaċ annsa tsliġe: 16 Giḋ bé ḃías simpliḋe, iompoiġeaḋ sé a steaċ annso: agus ar son an té ḃíos gan tuigsi, a deir sí ris, 17 Bíd na huisgeaḋa gadṫa milis, agus bí an tarán iṫear a nuáignios taitneaṁaċ. 18 Aċt ní ḃí a ḟios aige go ḃfuilid na mairḃ annsin; agus go ḃfuilid a luċt cuiriġ a ndoiṁne ifrinn. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society