Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Seanraite 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Anaġaiḋ urruḋus, 6 leisgcaṁlaċt, 24 agus aḋaltrannas.

1 A ṁic, má ḃíonn tú a nurruġas ar do ċaraid, má ḃuáil tú do láṁ lé coiṁiġṫeaċ,

2 Atá tú ceangailte le briaṫraiḃ do ḃéil, atá tú gaḃṫa lé bríaṫraiḃ do ḃéil.

3 Déan so anois, a ṁic, agus sáor ṫú féin, a nuáir ṫiocfas tú a láiṁ do ċarad; éiriġ, úṁluiġ ṫú féin, agus marsin buáiḋeoċa tú ar do ċaruid.

4 Ná taḃair coḋlaḋ dot ṡúiliḃ, nó táiṁnéul dforrḋuḃuiḃ do ṡúl.

5 Tárṫuiġ ṫú féin mar a neilit as láiṁ a nfíuḋuiġ, mar a néun as láiṁ an stalcaire.

6 Eíriġ a ccionn an tseangáin, a lorgánuiġ; meas a ṡliġe, agus bí críonna:

7 Ag naċ ḃfuil tréoruiġṫeóir, feaḋmannaċ, nó úaċtarán,

8 Gléasuiġ sí a bíaḋ annsa tsaṁraḋ, agus cruinniġiḋ sí a beaṫaḋ annsa nfóġṁar.

9 Cá fad ḃías tú ad ċoḋlaḋ, O a lorgánuiġ? ca huáir éireoċus tú as do ċoḋlaḋ?

10 Coḋlaḋ beag, néull beag, beagán fillte na láṁ do ċoḋlaḋ:

11 Marsin ṫiocfas do ḃoċtuine mar neaċ ḃíos ar sírṡiuḃal, agus do ríaċtanas mar ḋuine armṫa.

12 Droċḋuine, duine gan ṁeas, siuḃluiġiḋ sé le droiċḃéul.

13 Sméidiġ sé le na ṡúiliḃ, laḃraiḋ sé le na ċosaiḃ, múiniḋ sé le na ṁéuruiḃ;

14 Bí aíngiḋeaċd iona ċroiḋe, tionsgnuiḋ sé urċoid a ccoṁnuiġe; síolċuiriḋ sé imreasuin.

15 Ar a naḋḃarsin tíucfuíḋ a anacair go hobann; air ball brisfiġṫear é gan tárṫáil.

16 Fúaṫuiġiḋ an TIĠEARNA na sé neiṫesé: fós atá a seaċt na aḋḟúaṫ-ṁaireaċt aige:

17 Féuċuin uaiḃreaċ, teanga ḃréagaċ, agus láṁa ḋóirtios fuil neiṁċiontaċ,

18 Croiḋe ṫionsgnas smuaintiġṫe urċóideaċa, cosa ḃíos lúaṫ do rioṫ ċum uilc,

19 Fiaḋnuisi ḃréagaċ laḃras bréaga, agus an té ṡíolċuirios ceannairge idir ḋearḃráiṫriḃ.

20 A ṁic, coiṁéad aiṫne haṫar, agus ná tréig dliġeaḋ do ṁaṫar:

21 Ceangail íad a gcoṁnuiḋe air do ċroiḋe, daingniḋ íad timċioll do ṁuinéil.

22 A núair ṡiuḃolus tú, tréoroċuiḋ sin ṫú; a nuáir ċoideolus tú, coiṁéadfuiḋ ṫú; agus a nuáir ṁúiscéolus tú, laiḃeoruiḋ sé riot.

23 Oír is lóċrann a naiṫne; agus is solus an dliġeaḋ; agus a síad iomaiṫḃear an teagaisg sliġe na beaṫa:

24 Dot ċoiṁéad ar an droċ ṁnaói, ó spleaḋaċas teangṫa na mná coiṁṫiġiḋ.

25 Ná las a ndiáiġ a scéiṁe ann do ċroiḋe; agus ná gaḃaḋ sí ṫú le forrḋuḃuiḃ a súl.

26 Oír tre ṁnáoi stríopaṁuil beirṫear duine ċum greama aráin: agus do ḋéana an ḃean aḋaltrannaċ fíaḋaċ ar an mbeaṫa ṁórluáiġ.

27 An ḃféadann duine teine do ġaḃáil iona ḃrollaċ, agus gan a éadaċ do ḃeiṫ loisge?

28 An ḃféadann duine siuḃal ar sméaróidiḃ téo, agus gan a ċos do ḃeiṫ loisge?

29 Marsin don tí raċas a ḃfarraḋ mná a ċoṁarsan; giḋ bé ar biṫ ḃeanas ría ní ḃiáiḋ sé neiṁċiontaċ.

30 Ni ṫarcuisniġid daóine gaduiġ, má ġadann sé do ṡásaḋ a anma a nuáir ḃios sé ocraċ;

31 Aċt má ḃeirṫior air, aiseoguiḋ sé seaċt noirid; do ḃéara sé uile ṁaóin a ṫiġe úaḋ.

32 Aċt giḋ bé do ní aḋaltrannas ré mnaói ata miṫuigsionaċ: an té do ní sin scriosuiḋ sé a anam féin.

33 Do ġeaḃa sé lot agus easonóir; agus ní scriosfuiġṫear a ṁasla ḋe.

34 Oír isé cuṫaċ an duine an téud: ar a naḋḃarsin ni ċoigeola se a ló an dioġaltais.

35 Ni ḃiáḋ suim aige a ḃfúasglaḋ ar biṫ; ní mó ḃías sé riarṫa, dá mbeiṫ go ttiuḃarṫá iomad bronnta ḋó.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ