Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Seanraite 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Aóiḃneas na Geanmnaoiḋeaċta.

1 A ṁic, taḃair aire dom ċríonnaċtsa, agus ċáon do ċlúas dom ṫuigsin:

2 Ċor go mbía meas agad ar ḋiscréid, agus go gcuṁduiġe do ṗuísíniġ éolus.

3 Oír silid puisíniġe mná coiṁiġ ṫiġe mar ċríaṫar meala, agus is míne a béul ná ola:

4 Aċt bí a deireaḋ searḃ aṁuil murmónta, géar aṁuil ċoiḋeaṁ ḋá ḟáoḃar.

5 Teiġid a cosa síos gus an mbás; beirid a coisgéime greim ar ifrionn.

6 Deagla go smúainteoċṫá casán na beaṫa, atáid a sliġṫe sóġluáiste, iondus naċ éidir leaċd a naiṫne.

7 Eístiġ riomsa uime sin anois, a ċlann, agus ná dealuiḋe ré bríaṫraiḃ mo ḃéil.

8 Aṫruiġ do ṡliġe a ḃfad úaiṫe, agus ná tárr a ngar do ḋorus a tiġe:

9 Deagla go ttiuḃarṫá honóir do aroile, agus do ḃlíaḋna don neiṁṫruaiġ-ṁeilioċ:

10 Ar eagla go líonfuiḋé coiṁṫiġiḋ lé do ṡaiḋḃrios; agus go mbía do ṡáoṫar a ttiġ an ċoiṁṫiġiḋ;

11 Agus go ccaóinfeá fá ḋeireaḋ, a nuáir ċaiṫtear ṫfeóil agus do ċorp,

12 Agus go naibeorṫá, Ciondus do ḟuaṫaiġ mé teagaisg, agus do ṫarcuisniġ mo ċroiḋe aiṫḃear;

13 Agus nar úṁluiġ mé do ġuṫ mo luċt teagaisg, nar ċiáon mé mo ċlúas don druing do ṫeagaisg mé!

14 Ní mór naċ raiḃ mé ann gaċ uile olc a meaḋon an ċoṁċruinniġṫe agus a noireaċtuis.

15 Iḃ uisge as do ṫiubruid féin, agus uisge reaṫa as do ṫoibreaċaiḃ féin.

16 Leaṫnuiġṫear ṫfúaráin amaċ, agus do ṡroṫa uisge annsna sráidiḃ.

17 Bídís agad féin aṁain, agus ní ag coiṁṫiġeaċaiḃ maille leaċd.

18 Bíoḋ ṫfúarán beannuiġe: agus lúaṫġáiriġ lé mnaói ṗósta hoige.

19 Bíoḋ sí mar a neilit ġráḋuiġ agus a naġ ṫaitneaṁuiġ; sásuiġeaḋ a cíoċa ṫú gáċ uile náir; agus líontar ṫú a gcoṁnuiġe le na gráḋ.

20 Agus cred as a mbeiṫeása, a ṁic, ar seaċran le mnaói ċoiṁṫiġiḋ, agus fa tteannfá le brollaċ coiṁiġeaċ?

21 Oír atáid sliġṫeaċa an duine a ḃfiaġnuisi súl an TIĠEARNA, agus measaiḋ sé a imṫeaċta uile.

22 Géaḃuid a éaigcearta féin an ciontaċ, agus coinneoċṫar é lé córduiḃ a ṗeacaiḋ.

23 Do ġeaḃa sé bás a néagṁais teagaisg; agus a nainṁéid a amadánaċta raċaiḋ sé a muġa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ