Seanraite 29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIX. Féar do-ċoṁairliġ. 24 Fear páirte an ġaduiġ. 25 An gealtaċ. 26 Spleaḋaċ na cúirte, &c. 1 An té, ġeiḃ aċṁusan minic agus ċruáiḋiġios a ṁuinéal, milltear é go hobann, agus gan tárṫáil. 2 Gáirdiġ an pobal, a nuáir ḃíd na fíréin a ccuṁaċt: aċt a nuáir ḃíos úaċtaránaċt ag an droċḋuine, osnaiġe an poball. 3 Giḋ bé ġráḋuiġios a neagna lúaṫġáiriġ sé a aṫair: aċt an té ċongṁas cuideaċta do ṁéirdreaċaiḃ anċaiṫiġ sé a ṁaóin. 4 Daingniġ an ríġ an dúṫaiġ lé breiṫeaṁnus: aċt an té ġaḃas tioḋlaicṫe scriosuiḋ sé í. 5 An té do ní spleaḋaċus ré na ċoṁarsuin sreaṫuiġ sé líon fa na ċosaiḃ. 6 Bí paintér a sáruġaḋ an droċḋuine: aċt canuiḋ an fíréun agus lúaṫġáiriḋ sé. 7 Measuiḋ an fíréun cúis an ḃoiċt: aċt ní ċuirionn an droċḋuine áird air a ḟios do ḃeiṫ aige. 8 Do ḃeirid na daóine tarcuisneaċa caiṫreaċa a bpaintear: aċt fillid na daóine glioca dioġaltas tar ais. 9 Má ní duine críonna imreasan ré hamadán, má ḃionn sé ar buile nó ag gaire, ní ḃí suáiṁnios ann. 10 Fúaṫuiġid na daóine fuilteaċa an tionnruic: aċt íarruiḋ an duine ceart a anam. 11 Foillsiġ an tamadán a intinn uile: aċt congṁuiḋ an duine críonna a stiġ é nó go ttíg na ḋiáiġ sin. 12 Má éistionn úaċtarán ré bréagaiḃ, bíd a ṡeirḃísiġ uile go holc. 13 Teagṁuiḋ an boċt agus an clúanaire re ċéile: soillsiġiḋ an TIĠEARNA a súile araon. 14 An ríġ ḃreaṫnuiġios an boċt go fírínneaċ, daingneoċṫar a ċaṫaóir go bráṫ. 15 Do ḃeir an tslat agus an smaċt gliocas uaṫa: aċt do ḃeir an leanaḃ fágṫar taoḃ ris féin náire ḋá ṁaṫair. 16 A nuáir lionuid na droċḋaoine, méaduiġ an millteaċus: aċt do ċífiḋ an tionnruic a leagaḋ. 17 Smaċtuiġ do ṁac, agus do ḃéara sé suáiṁnios duit; do ḃéara sé fós, sólas dot anam. 18 A náit naċ bí fis, sgriostar an pobal: aċt is beannuiġe, an té ċoiṁéadas an dliġeaḋ. 19 Ní smaiċteoċṫar seirḃíseaċ le bríaṫruiḃ: óir má tá go ttuigionn sé ní ḟreigeora sé. 20 An ḃfaicionn tú duine ḃíos deiṫniosaċ iona ḃríaṫruiḃ? is mó an dóiġ ḃías as amadán ná asan. 21 An té do ḃeir a ṡeirḃiseaċ súas go muirneaċ ó ḃeiṫ na leanaṁ biáiḋ se na ṁac aige fa ḋeóiġ. 22 Corruiġ an duine feargaċ ceannairg súas, agus lionuiḋ fear na buile lé millteaċus. 23 Do ḃéaruiḋ úaḃar duine ísiol é: aċt coinneoċuiḋ onóir súas an duine úṁal a spioraid. 24 Giḋ bé ḃías na ṗáirtiġ ag gaduiġ fúaṫuiġiḋ sé a anam féin: do ċluin sé malluġaḋ, agus ní ḟoillsiġionn é. 25 Do ḃeir eagla an duine paintéur lé: aċt an té ċuirios dóṫċus annsa TIĠEARNA, biáiḋ sé daingion. 26 Iarruid mórán muinntearḋus a núaċdaráin; aċt is ón TTIĠEARNA ṫig bréiṫeaṁnus gaċ nduine. 27 Bí an duine éaigceart na aḋḟúaṫṁaireaċt ag an duine ċeart: agus an té ḃíos fíréanta iona ṡliġṫiḃ bí sé na aḋḟúaṫṁaireaċt don ċiontaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society