Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Seanraite 26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXVI. Diomolaḋ an amadain, 13 an scráiste, 17 an ċeannairgeaċ, 20 agus an ċogarnuiġ.

1 Mar ṡneaċta san tsaṁraḋ, agus mar ḟearṫuinn san ḃfoġṁar, marsin ní hiomċuḃuiḋ onóir damadan.

2 Mar a néun ar iomlúaġail, mar a náinléog lé heitiolluiġ, marsin ní ṫiucfa an ṁallaċt gan aḋḃar.

3 Málóid do neaċ, srían do nassal, agus slat do ḋruim a namadain.

4 Ná freagair amadán do réir a amadánaċda, deagla go mbíaṫeása féin cosmuil ris.

5 Freagair amadán do réir a amadánaċda, deagla go mbíaṫ sé críonna iona ḃaraṁuil féin.

6 An té ċuirios teaċtaireaċt le láiṁ amadáin gearruiḋ sé amaċ na cosa, agus iḃiḋ sé doċar.

7 Ní ḃíd cosa a ḃacaiḋ ionann: marsin do ċosaṁlaċt a mbéul na namádan.

8 Aṁuil an té ċeanglas cloċ a ccrann táḃuill, marsin don tí do ḃeir onóir dóinṁid.

9 Mar ṫéid dealg súas a láiṁ a nfir meisce, marsin atá cosaṁlaċt a mbéul na namadán.

10 An Día mór do ċum a nuile ní cúitiġ sé aráon ris a namadán, agus ris an tsáruiġṫeaċ.

11 Mar iompoiġios an madraḋ air a sceaṫruiġ, mairsin iompoiġios an tamadán air a leiṁe.

12 An ḃfaicionn tú duine críonna iona ḃaraṁuil féin? is mó an dóiġ is cóir do ḃeiṫ an amadán ná as.

13 A deir an fallsán, Atá leoṁan san tsliġe; atá leoṁan annsa tsráid.

14 Mar iompoiġios an dorus air a ḃacánaiḃ, marsin do ní an fallsán air a leabuiḋ.

15 Folċuiḋ an fallsán a láṁ iona ḃrollaċ; is doiliġ leis a taḃairt a ris ċum a ḃéil.

16 Is críonna an scraiste iona ḃaraṁuil féin ná moírṡeisior do ḟéadfaḋ réusún do ṫaḃairt úaṫa.

17 An té ġaḃus ṫort, agus ċuimlios re ceannairg naċ bainionn ris, as cosṁuil é ré neaċ ḃeirios ar ṁadraḋ air ċlúasaiḃ.

18 Mar ḟear buile noċ ċaiṫios aiṫinniġ, saiġde, agus bás,

19 Marsin don tí ṁeallus a ċoṁarsa, agus a deir, Naċ a súgraḋ atáim?

20 A náit naċ bí connaḋ ar biṫ, ṫéid an teine as: marsin a náit naċ bí an cogarnaċ, coisgiḋ an ċeannairg.

21 Mar ḃíos gúal do ġúal ar lasaḋ, agus connaḋ don teine; marsin don duine ċeannairgeaċ daġnaḋ imreasan.

22 Atáid bríaṫra an ċogarnuiġ aṁuil cneaḋa, agus tiaġuid síos don ċuid is fíríoċtaruiḋ don ḃolg.

23 An béul ar lasaḋ agus an croiḋe urċoideaċ atáid mur ṗota críaḋ ar na ḟolaċ re sal airgid.

24 An té ḟúaṫuiġios do ní sé blandar le na ṗuisíniḃ, agus taisgiḋ sé cealg a stiġ ann;

25 A nuáir laḃras sé go breáġḋa, na creid é: óir atáid seaċd naṫḟúaṫṁaireaċta iona ċroiḋe.

26 An té ḟolċas fúaṫ lé ceilg, foillseoċṫar a olc a ḃfiaḋnuise an ċoṁċruinniġ uile.

27 Giḋ bé ṫoċlas poll tuitfe sé féin ann: agus an té iompoiġios cloċ, fillfiḋ sí air féin.

28 Fúaṫuiġ an teanga ḃréagaċ an drong dá ndéin sí doċar; agus oibriġ an béul spleaḋaċ millteaċus.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ