Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Seanraite 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Olcas na beaṫa gan ṁoṫuġaḋ dá gnoḋuiġṫiḃ go ceart, &c.

1 Is féarr an boċt ṡiuḃluiġios iona iomláine, ná an té ḃíos urċóideaċ iona ṗuisiniḃ, agus na amadán.

2 Fós ni maiṫ, an tanam do ḃeiṫ gan éolus; agus an té ḋeiṫfriġios le na ċosaiḃ peacuiḋe.

3 Malluiḋ amadánaċt an duine a ṡliġe: agus bí fearg air a ċroiḋe a naġaiḋ an TIĠEARNA.

4 Do ní an saiḋḃrios móran carad; agus scarṫar an boċt re na ċoṁarsain.

5 Ní raċuid fíaḋnuisiġ ḃréige gan dioġaltas, agus an té laḃras na breuga ní raċaiḋ sé as.

6 Is iomḋa duine íarras faḃar an ṗrionnsa: agus bí gaċ áonduine na ċarruid ag an té do ḃeir tioḋlaicṫe úaḋ.

7 Fúaṫuiġid uile ḋearḃráiṫre an ḃoiċt é: cá ṁéad nísa ṁó ná sin ṫíaġaid a ċáirde uile a ḃfad uáḋ? leanuiḋ sé íad lé briaṫraiḃ, giḋeaḋ bíd síad do ḋíṫ air.

8 Is ionṁuin leis an té do ġeiḃ eagna a anam féin: an té ċoiṁéadas tuigsi do ġeaḃa sé maiṫ.

9 Ní raċaiḋ fiaḋnuise ḃréige gan dioġaltas, agus meaṫaiḋ an té laḃrus bréaga.

10 Ní hiomċuḃaiḋ áoiḃneas damadán; is luġa ná sin do ṡeirḃíseaċ riaġlaḋ os cionn ṗrionnsaḋ.

11 Cuiriḋ discréid duine a ḟearg air cáirde; agus isí a ġlóir míríaġuil do léigean ṫairis.

12 Bí fearg an ríġ aṁuil búirfeaḋaċ leoṁuin; aċt bí a ḟaḃar aṁuil drúċt air an ḃféur.

13 Is aḋḃar boċduine ḋá aṫair an mac leaṁ: agus is silt ṡiorruiḋe imreasuin na mná.

14 Tiġ agus saiḋḃrios isé oiġreaċt a naṫar: agus is ón TTIĠEARNA atá an ḃean ġlic.

15 Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.

16 An té ċoiṁéadas a naiṫne coiṁéaduiġ sé a anam féin: aċt an té ṫarcuisniġios a ṡliġe éugfuiḋ sé.

17 An té agá mbí truaiġe don ḃoċt airligiḋ sé don TIĠEARNA; agus an ní do ḃéara sé úaḋ íocfuiḋ sé ris é a rís.

18 Smaċtuiġ do ṁac an fad ḃías dóiġ as, agus ná coigleaḋ hanam é ċum a ṁillte.

19 Fuileonguiḋ fear na móirḟeirge pionús: óir má ṫártuiġionn tú é, caiṫfé tú a ḋéanaṁ a rís.

20 Eísd re coṁairle, agus glac teagasg, ċor go mbía tu glic ad ċríċ ḋeiġíonuiġ.

21 Bíd mórán tionnsgantaḋ a gcroiḋe an duine; ṫairis sin a si coṁairle an TIĠEARNA, ṡeasfas.

22 Asé dúil an duine a ċinéul: agus is féarr án duine boċt ná an bréagaċ.

23 Tríalluiḋ eagla an TIĠEARNA ċum beaṫa: agus an té agá mbí sin anfuiḋ sé sásta; ní ṫiocfuiġṫior ċuige le holc.

24 Folċuiḋ an duine leasg a láṁ iona ḃrollaċ, agus ní ṫaḃair sé amaċ í ċum a ḃéil a rís.

25 Buáil an tarcuisneaċ, agus do ḃéara an simpliḋeaċ aire: agus iomaiṫḃír an té agá mbí tuigsi, agus tuigfiḋ sé éolus.

26 An té ṁillios a aṫair, agus ḋíbrios a ṁaṫair, is mac ṫuillios náire é, agus do ḃeir scannail.

27 Scuir, a ṁic, déisteaċd an teagaisg ḃus cúis ṡeaċráin ó ḃríaṫruiḃ a neóluis.

28 Tarcuisniġ fíaḋnuise neiṁḋiaḋa breiṫeaṁnus, agus sluigiḋ béul an ċiontuiġ éaigceart.

29 Atá breiṫeaṁnus ullaṁ fá ċoṁair na dtarcuísneaċ, agus scíursaḋa do ḋruim na namadán.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ