Seanraite 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVII. Is mór beagan le súaiṁneas, 6 agus is onoír don tsean, an ċlann, &c. 1 Is fearr greim tur, agus suáiṁnios maille ris, ná tiġ lán dféusta lé ceannairg. 2 Bíaiḋ ríaġuil ag an tseirḃíseaċ ċrionna ós cionn an ṁic ṫuillios náire, agus biáiḋ cuid do noiġreaċt aige a measg na ndearḃráiṫreaċ. 3 Pota a naṫġlanta ċum a nairgid, agus a nfoirnís ċum a nóir: aċt isé an TIĠEARNA spíanus na croiḋṫe. 4 Do ḃeir fear déanta a nuilc aire do na béuluiḃ bréagaċa; agus do ḃeir an bréagaċ aire do ḋroiċṫeangaiḋ. 5 Giḋ bé ḟoċṁuiġios an boċt tarcuisniġiḋ sé a Ċruṫaiġṫeóir: agus an té lúaṫġáiriġios fá aṁgar ní ḃiaiḋ sé gan ṗionus. 6 Clann na ċloinne coróin na seanndáoine; agus glóir na cloinne na haiṫre. 7 Ní hiomċuḃaiḋ damadán glór dearsgnuiġ: is luġa ná sin puisiniġ bréagaċa do ṗrionnsa. 8 Is aṁluiḋ cloċ uásal tioḋlacaḋ a raḋarc an tí agá mbí sé: giḋ bé taoḃ a niompoiġionn, tarḃuiġiḋ sé. 9 Giḋ bé ċeilios sáruġaḋ íarruiḋ sé gráḋ; aċt giḋ bé aṫnúaiġios cúis dealniġ sé cáirde. 10 Is mó ṫéid aċṁusán a steaċ a nduine ċríonna na céad buille ann amadán. 11 Cogaḋ aṁáin íarrus an droċ ḋuine: uimesin cuirfiġṫear teaċtaire fíoċṁar na ċuinne. 12 Teagṁaḋ maṫġaṁuin ar ccaill a cuiléan ré duine, ní is luáiṫe ná amadán iona leiṁe. 13 Giḋ bé ċúitiġios maíṫ lé holc, ní ḋeileoċuiḋ olc re na ṫiġ. 14 Bí tosaċ na ceannairge aṁail do léigfeaḋ duine uisge amaċ: uime sin léig ḋíot ceannairge, suil beansuiġṫear innte. 15 An té ġlanas an ciontaċ, agus an té ḋamnuiġios an díreaċ, is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA íad aráon. 16 Cred as a ḃfuil lúaċ a láiṁ amadáin dfaġáil gliocuis, ó ṫárla gan ċroiḋe ḋo é? 17 Graḋuiġ an ċara gaċ uile uáir, agus rugaḋ an dearḃráṫair a naġaiḋ buaiḋearṫa. 18 Ceangluiḋ duine gan tuigsi cunnraḋ, agus téid a nurruḋas a ḃfíaġnuise a ċarad. 19 An té ġráḋuiġios an ċeannairg gráḋuiġ sé sáruġaḋ: agus an té árduiġios a ġeata, túaraiḋ sé aiḋṁilleaḋ. 20 Ann té agá mbí croiḋe crosta ní ḟaġan sé maiṫ air biṫ: agus an té agá mbí teanga ṁillte tuitiḋ sé a nurċóid. 21 An té ġineas amadán do ní sé sin ċum a ḋoilġis féin: agus ní ḃí solás aig aṫair amadáin. 22 Foġnuiḋ croiḋe súgaċ aṁuil leiġios: aċt tiormuiġiḋ spiorad briste na cnáṁa. 23 Glacaiḋ an droċḋuine tioḋlacaḋ as a nuċt do ċláonaḋ sliġṫe an ḃreiṫeaṁnuis. 24 Bí a neagna as coinne an té agá mbí tuigsi; aċt bíd súile a namadáin a nímliḃ na talṁan. 25 Is dóḃrón do naṫair mac oinṁideaċ, agus searḃus é don ṁnaói rug é. 26 Fós ní maiṫ pionús do ṫaḃairt do nfíréun, nó prionnsuiġe ḃúalaḋ ar son ceirt. 27 Caigliḋ an té agá mbí éolus a ḃríaṫra: agus bí fear na tuigsiona do spiorad ḋearscnuiġṫe. 28 An tamadán féin, a nuáir ḃíos sé na ṫoċd, meastar críonna é: agus an té ḋruidios a ḃéul bí sé measta na ḋuine ṫuigsionaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society